scoil Na Crannóige

Tá Scoil na Crannóige ag cuir ranganna ar fáil achan tseachtain  sa Chrannóg ag teagasc fidil, feadóg stáin, píoba, giotár, bosca ceoil, consairtín, maindilín, cláirseach, amhránaíocht agus drámaíocht &  Cór daoine fásta.

Thig ranganna aonarach a eagrú do pháistí & do dhaoine fásta.

Beidh ranganna ar ais sa Chrannóg ón 7ú Meán Fómhair 2026.

Thig clárú & íoc ar líne ag an nasc seo –

https://cfgd.wufoo.com/forms/t1-snac-7926/

Cuir rphost chuig scoilnacrannoige@gmail.com

– le lascaine 10% ar tháillí os ceann €200 do na ranganna nach rang aonarach.

– le ranganna aonarach a eagrú do dhaoine fásta nó páistí, €20 ar 30 bom.

– Caithfear iarratas a dhéanamh ar uirlis le fáil ar cíos.

– Do rang Bouzouki nó uirlis eile nach bhfuil ar liosta

– Tuilleadh eolais

Nuair atá daoine cláraithe, dhéanfaidh muid clár ama ceart. Beidh fad an rang ag bráth ar an méid daoine atá sa rang. Múna bhfuil go leor daoine ag an leibhéal ceanna le rang a dhéanamh, thig ranganna aonarach a eagrú.

Do pháistí atá ag tosach uirlis ceoil is fearr tosach leis an fheadóg stáin. Beidh rang fideogaí uilig 6-7 Déardaoin.

Sna ranganna drámaíochta beidh drámaí agus meascán sceitsí a léiriú i rith na bliana in ait béim a chuir ar dráma amháin don fhéile.

————————————————————————–

Classes will resume from 7 September 2026.

You can register and pay online at this link:

https://cfgd.wufoo.com/forms/t1-snac-7926/

An information sheet is attached, though days and times may

change depending on demand.

Please email scoilnacrannoige@gmail.com regarding:

• a 10% discount on fees exceeding €200 (excluding individual classes);

• arranging individual classes for adults or children (€20 for 30 minutes);

• instrument rental requests;

• Bouzouki classes or classes for instruments not on the list;

• further information.

Once registration is complete, we will draw up a final timetable.

Class duration will depend on the number of students enrolled.

If there are insufficient numbers at a specific level to form a group class,

individual classes can be arranged.

For children starting a musical instrument, it is best to begin

with the tin whistle. The tin whistle class will take place on Thursdays

from 6:00 to 7:00 pm.

In the drama classes, plays and a mix of sketches will be produced throughout the year, rather than focusing on a single play for the festival.

Téarma 10 seachtainí ó 7/9/26 sa Chrannóg.

10 weeks of classes
			Aois	Am/Lá le cinntiú

Dé Máirt Drámaíocht Pobalscoil 4.30-6in

Bosca Cnaipí 8+ ó 5.30

Amhránaíocht 6+ ón 5in

Cláirseach 10+ ón 5in

Grúpa Éanna 12+ 6-7in

Dé Céadaoin Consairtín 8+ ón 5in

Fidil 7+ ón 5in

Maindilín/Bainseó 8+ ón 5in

Déardaoin Drámaíocht aois bun scoile 7+ 4-5in

Fíf (fliúit) 10+ 5in

Drumaí/bodhrán 10+ 5-6in

Giotár 10+ ón 5in

Píb Uilleann 10+ 5.30in

Feadóg Stáin 6+ 6-7in

Dé hAoine Drámaíocht aois bun scoile 7+ 3.30-4.30in

 

CD 1 - scoil Na Crannóige
Thig éisteacht leis na píosaí ceoil seo fhad is atá tú ag foghlaim. Tá na nótaí le fáil sa leabhair thíos.

Scoláirí & Teagascóirí

14 Videos

Amhráin

1 Videos
Focal Amhráin
Cumhaidh an Oileáin: 
cumtha ag Tomás 'ac Giolla Bhrighde (Tom a'Bhungalow). 
Céad slán leis an oileán Inar chaith mé mo shaol 
Céad slán leis na beannaí, an cnoc is an sliabh 
céad slán leis na poirt, Port a' Chruinn is Port Mór 
Céad slán leat, a Ghabhla, céad slán leat go buan. 
I mo bhrídeog a chuaigh mé, go dtí an baile thiar 
Le Dónall mo chéile Ba sheascair a bhíos 
De chlann bronnadh orainn,triúr mac agus iníon 
Is ba mhinice gaire ná gruaim i mo shaol. 
Ag Carraig an Aifrinn, tráthnóna Déardaoin 
Do ghuigh mé chuig Mhuire,an doineann a chloí 
Ach mo chéile 's mo chlann mac do ghoid an mhuir uaim 
Agus faire gan corp a bhí againn Dé Luain 
Tá Maire, mo iníon amuigh ar tír mhór 
Is aici a rachadh le ualach mo bhróin 
Ach m'anam 's mo chroí ní fhágfaidh go deo 
An teach beag a thóg Dónall, mo chéile fadó 
Céad slán leis an oileán Inar chaith mé mo shaol 
Céad slán leis na beannaí, an cnoc is an sliabh 
céad slán leis na poirt, Port a' Chruinn is Port Mór 
Céad slán leat, a Ghabhla, céad slán leat go buan. 
 

Amhráin

1 Videos
Focal Amhráin
Bó na Leath adhairce
Bó, bó, bó na leath adhairce
Bó, bó, sí an tseana chaor adharcach
Bó, bó, bó na leath adhairce
Bó dhruimfhionn dhearg ná feadar cá bhfaighead’ í
Thíos cois na toinne ‘sea beathaíodh mo chaora
Ag Diarmuid Ó Dioláin ó Bharra na hAoine
Mac dearthár athair dom a chuir le faill í
Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire.
B’fhearr liom ná scilling go bhéicfinn mo chaora
‘Teacht go dtí an doras ar maidin nó ‘stóiche
Thálfadh sí bainne orm, bheathódh sí uan dom
Chuirfeadh sí ‘jacketeen’ deas ar mo ghualainn.
Chonacthas beirithe í, chonaic a roinnt í
Chuireas-sa dúil intí ach blúire ní bhfaighinn di
ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
ó nár dheas í an tseana chaor adharcach.
Dá mbeinnse i rachmas, i ngradam is in oidhreacht
Thabharfainnse giní ar chúpla sladhas di
Ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
Ó nár dheas í an tseana chaor adharcach.
 

Amhráin

1 Videos
Focal Amhráin
Crann Úll
Tá crann úll i gcoirnéal an ghairdín
Is suífimid síos nó go gcuire muid an fál air
Ar eagla go dtitfeadh an bunadh óg i ngrá leis
Nuair a bhogfhas tusa
Bogfaidh mise
Is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó 
B’fhearr liom an gabha ’tá ag obair sa cheartán
Ag bualadh an t-ord go luachmhar is go láidir
A shaothródh an scilling is d’ólfadh ’dtigh an tábhairne é
B’fhearr liom an feirmeoir ag seoladh amach go haerach
Maidin dheas san earrach, le seisreach is péire
Ag cromadh ar an obair ’s ag tiontú an chréafóg
B’fhearr liom an t-iascaire amuigh ina bháidín
Ag cur a chuid eangach ’s ag breith ar na bradáin
Ag troid leis na tonnta ó oíche go maidin

Amhráin

1 Videos
Focal Amhráin
Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
Céad slán ag sléibhte maorga
Chondae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd
Ina stua os cionn caor 's call
Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich
Go ciún 'sa ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
Is beag nár bhris mo chroí
Ag taisteal domh amach fríd chnoic Ghleann Domhain
'S an Mhucais ar mo chúl
Ní miste domh 'ra le brón 's le crá
Gur fhreasach a shil mise súil
Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall
I bhfad thar an fharraige mhór
D'fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall
'S ag Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh
Ó m' thír bheag dhílis féin
Ach trom lámh Gall, le cluain
'S le feall, a thiomáin mé i gnéill
B'é rún mo chroí-se pilleadh arís
Nuair a dhéanfainn beagán stór
'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil
Fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair
Slán, slán go fóill a Dhún na nGall
A chondae shéimh gan smál
'S dod gheara breá in am an ghá
Nár umhlaigh riamh roimh Ghall
Tá áit i mo chroí do gach fear 's gach mnaoi
'S gach páiste beag agus mór
Áta beo go buan, gan bhuairt, gan ghruaim
Fá Ghleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
 

Amhráin

1 Videos
Focal Amhráin

Ansacht na n-ansacht

A mh’ansacht na n-ansacht

A dtug mé m’ansacht go léir duit

Nach cuimhin leat mo mhealladh

Is rinne tú’n fheall orm na dhiaidh sin

 

Anois atá mé folamh

Is go bhfuil m’intinn lán bhuartha

‘S mé ag amharc ar mo leannán

Ag fear eile á bréagadh

 

Éireoidh mé ar maidin

Le theacht dheirg na gréine

Agus fuígfidh mé mo bheannacht

Ag cailíní an tsaoil seo

 

Bhéarfaidh mé an ruaig sin

Thart suas fá Loch Éirne

‘S ní fhillfidh mé ‘na bhaile

Go gcanfaidh ‘n chuach ann gach réigiún

 

Mar bhláth bán na nóiníní

Bhíos a’ fás i dtús a’ tSamhraidh

Nó mar fhaoileán dheas bhán

A bhíos a’ snámh ar na méilte

 

Mar ghrian os cionn na dtuillte

‘Sí dealramh thart timpeall

‘S nach siúd mar bhíos mo ghrása

A’ déanamh rámhaillí i m’intinn

Table of Contents