Tar go Gaoth Dobhair … Tá scoith na dtithe ósta agus na dtithe lóistín sa pharóiste le cois Brú Óige na hEaragaile i nDún Lúiche. Tagann na sluaite go Gaoth Dobhair ó cheann ceann na bliana le háilleacht agus saibhreas cultúrtha an cheantair Ghaeltachta seo ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a bhlaiseadh, agus le freastal ar fhéilte agus ar imeachtaí a bhíonn ar siúl ann.
Ní bheidh tú díomhaoin anseo i nGaoth Dobhair…
Bain do dhúil as siúlóidí aoibhne cois trá nó ag bun na gcnoc…tránna fairsinge glébhuí atá ceilte ar an tsaol mór…caith lá teaghlaigh in Ionad Cois Locha nó i bhFeirm Peataí na hEaragaile…imir babhta gailf ar ghalfchúrsa breá cois cladaigh i Machaire Gathlán…téigh i gcadhc agus bí ag treabhadh na dtonn go hOileán Ghabhla.....tabhair faoi aistear go barr na hEaragaile, áit a bhfeicfidh tú breáthacht an tírdhreacha….blais scoith an bhia farraige i mbialanna breátha na háite, nó téigh ag iascaireacht sna haibhneacha lonracha nó san fharraige ghealghorm….Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus Oileán Thoraí sa chomharsanacht agat. Anseo sáraítear ar an tsamhlaíocht!
Teac Leo Podaí Glampála Mín Na Leice (074) 95 48143
Glámpáil Mhachaire Rabhartaigh (353) 86 4093344
ag Táisteal Go Gaoth Dobhair
Cé go bhfuil Gaoth Dobhair suite i gcoirnéal thiar thuaidh na hÉireann, níl an ceantar chomh scaite agus a bhí san am a chuaigh thart.
Thig eitilt go Baile Átha Cliath nó go Glaschú ó Aerfort Dhún na nGall. Féach https://donegalairport.ie/.
Cuireann comhlacht busanna Mhic Fhionnghaile (https://johnmcginley.com/) seirbhís bus laethúil ar fáil go Baile Átha Cliath, téann busanna Phádraig Uí Ghallchóir (http://www.gallagherscoaches.com/) go Béal Feirste agus busanna Feda Uí Dhomhnaill (https://busfeda.ie/) go Gaillimh.
Bíonn seirbhís bus Nasc Áitiúil (Local Link) ar fáil ar bhonn laethúil le freastal ar phobal an iarthuaiscirt chomh maith. Tuilleadh eolais: https://www.transportforireland.ie/ga/nasc-aitiuil-tfi/