Gaoth Dobhair

Is paróiste stairiúil an pharóiste seo agus tá ár dteanga agus ár gcultúr agus ár gcreideamh fite fuaite sa stair sin. De réir sin, tá iarracht déanta againn eolas níos cruinne agus níos iomláine faoin pharóiste a chur ar fáil sa leabhar seo, cuid den tseanchas, den stair, eolas ar áiseanna, ar sheirbhísí agus ar imeachtaí.

Is ceantar an-éagsúil Gaoth Dobhair, leis na sléibhte agus na gleannta agus an mhachaire íseal cois farraige agus na hoileáin thiar a chosaint ó shíon na farraige móire. Talamh bocht caoráin atá i gcuid mhaith de amach ó chrios chúng féaraigh fán chósta. Tá Gaoth Dobhair ar cheann de na ceantracha tuaithe is dlúithe daonra ní amháin in Éirinn ach in Iarthar na hEoraipe. Ó thús an 19ú céad ar aghaidh tháinig méadú mór ar an daonra agus mar thoradh ar seo rinneadh cónaí fiú sna háiteacha is iargúlta ann.

Tá os cionn tríocha baile fearainn le cois ceithre oileán i nGaoth Dobhair. Níl na bailte fearainn ar an mhéid amháin. Tá An Bun Beag ar an cheann is lú le 55 acra agus tá An Tor ar an cheann is mó le thar 5,000 acra. Tá breis agus 5,000 duine ina gcónaí i nGaoth Dobhair. 

An té a chaithfeas a shúil ar pharóiste Ghaoth Dobhair inniu agus a fheicfeas an méid daoine atá ann, beidh sé deacair acu creidbhéail gur gairid an seal ó bhí an áit ina bhlár fholamh. Ba ghnáth leis na daoine a rá “Tiocfaidh áthrach ar an áthrach” agus bhí an fhírinne acu. Mar bharr ar bhuanna eile, tá súil againn go gcuideoidh an leabhar seo leis an chuairteoir ar an pharóiste Ghaeltachta seo agus go mbeidh sí ina treoir mhaith agaibh.

An Pharóiste

Ceantar fíorálainn suite idir na Rosa agus Cloich Cheannaola, idir sliabh is cladach, i gcoirneál thiar thuaidh Thír Chonaill atá i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Anseo tá áilleacht mara agus tíre. Ó dheas, an Earagail, “Rí na gCnoc”, ina sheasamh go bródúil “ina stua os cionn caor is call” os cionn na codach eile – Taobh an Leithid agus Cró na Leacht ar thaobh amháin agus Sléibhte Dhoire Bheatha ar an taobh eile; Cró Nimhe agus Loch Dhún Lúiche “go ciúin sa ghleann ina luí”. 

Ó thuaidh, radharcanna aoibhne ó Chnoc Fola; na portaigh, glas le féar is donn le móin; tránna fairsinge ciúine agus céanna beaga seascair ag amharc amach ar na hoileáin, Gabhla, Inis Meáin, Inis Oirthir agus Inis Sionnaigh, atá mar a bheadh slabhra ag cosaint na mórthíre ar stoirmeacha agus ar shíon an Atlantaigh.

An t-Ainm

Ní raibh Gaoth Dobhair ann mar ainm dúiche ná paróiste ar dtús, ach mar ainm ar an ghaoth/abhainn ónar baisteadh an ceantar, an cainéal nó an t-inbhear farraige idir an pharóiste agus na Rosa, ar a dtugtar an Gaoth go dtí an lá inniu, agus an abhainn, Abhainn Chroithlí, a shileas anuas ó Loch an Iúir. Focal Sean-Ghaeilge ar uisce atá in dobhar agus bhí eolas fada fairsing sna meánaoiseanna ar an ainm Dobhar mar abhainn thábhachtach a bhí mar chrích idir Tír Luighdeach agus Tír Bháineach, Abhainn Chroithlí an lae inniu.

Na hOileáin

Is fada daoine ina gcónaí ar na hoileáin ar chósta na paróiste. De réir an daonáirimh in 1841, bhí 84 ina gcónaí orthu – 68 i nGabhla, 12 ar Inis Meáin, 4 ar Inis Sionnaigh agus gan duine ná deoraí ar Inis Oirthir. In 1851, bhí 226 agus in 1861, 248 duine. Claonadh iontach neamhghnách a bhí sa mhéadú ollmhór seo sna blianta le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Is amhlaidh a tharraing cuid mhór teaghlach ar na hoileáin in am an anáis.

Lean an daonra ag méadú. Bhí 169 ar Ghabhla i 1911 agus cé nach bhfuil figiúirí cruinne ar fáil, is cosúil go raibh thar 200 ar an oileán i lár na bhfichidí. Bhí 75 páiste ar bhunscoil dhá oide an oileáin i 1924, an tinreamh ab airde riamh.

Ach ó 1948 ar aghaidh, thosaigh na teaghlaigh a fhágáil Ghabhla agus na n-oileán eile le cur fúthu ar tír mór.

Thit an daonra ar Ghabhla ó 125 i 1956 go 93 i 1961 go 43 i 1966. Druideadh an scoil i 1967. Chuir sin tús i gceart le bánú an oileáin. Ní raibh fágtha ach ceithre theaghlach anois. D’fhan siad ar feadh cúpla bliain eile. Sheas Johnaí Mór Mac Aoidh an fód go 1975.

Ba iad na deiseanna úra oideachais agus fostaíochta ar tír mór, le cois an tsaoil a bhí crua, agus in amanna tragóideach, a bhí istigh acu, a thug orthu a gcuid seolta a thógáil.

Tionsclaíocht

Ba é bunú Eastát Tionsclaíochta an Screabáin i lár na seascaidí an cinneadh eacnamaíochta agus sóisialta ba thábhachtaí a rinneadh i stair Ghaoth Dobhair. Is ag smaoineamh ar dhóigh chuí le cuimhneachán a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 a bhí na fir ghnó a cheannaigh 200 acra caoráin agus a dhíol le Gaeltarra Éireann é i 1967. Thug an Screabán rathúnas chun na háite, chomh maith le maolú a chur ar an imirce agus teaghlaigh go leor a thabhairt chun an bhaile ón Bhreatain.

Tógadh bancanna úra, bunaíodh Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair i 1972, cuireadh tús le gnónna úra agus tógadh óstáin agus tithe lóistín úra.  Bhí suas le 1500 ag obair sna monarchana i 1998 agus go leor eile ag gnóthú astu.

Ach ó 1998 ar aghaidh, thosaigh na monarchana déantúsaíochta seo ag druid mar gheall ar an iomaíocht ghéar ó thíortha ar an taobh eile den domhan.  Rinne an cúlú eacnamaíochta a thosaigh sa tír i 2007 cúrsaí níos measa sa cheantar.  Ní raibh fostaithe ar an Screabán i 2016 ach 410. Bhí an imirce tosaithe arís – an t-am seo go Perth agus Brisbane na hAstráile agus go hAbu Dhabi agus Dubai an Mheáin Oirthir.  Tá bánú seo na n-óg le feiceáil go soiléir sna foirgnimh thréigthe ar fud na paróiste – monarchana, bancanna, óstáin, clubanna oíche.

Ach tá biseach ag teacht!  Tá an fhostaíocht ar an Pháirc Gnó ag méadú.  Tá Áislann Ghaoth Dobhair ag bláthú.  Tá an turasóireacht chultúra ag teacht i dtreis.  Tá Slí an Atlantigh Fhiáin ag mealladh na gcuairteoirí ón bhaile agus ó thíortha eile.