Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair i gcroílár an pharóiste
D’fhás Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair as cúrsa i bhforbairt phobail a reáchtáladh faoi scáth Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaoth Dobhair i 1984/85. Bunaíodh Coiste Forbartha Ghaoth Dobhair i dtosach agus b’as an choiste sin a d’fhás an Comharchumann. Ceannaíodh an tsean Cheardscoil i 1989 ó Choiste Ghairmoideachas Chontae Dhún na nGall le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta. Rinneadh athchóiriú le cuidiú ó Roinn na Gaeltachta agus clár Intereg. Tháinig an Comharchumann isteach san Ionad i 1992. Tá forbairt déanta ar an ionad ó shin mar Ionad Gaeilge, Oideachais agus Fiontair. Cuireadh síneadh breise de 700 mheadar chearnógach leis an fhoirgneamh i 2003-2004, le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta agus an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn. Tá an Comharchumann ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód i mbliana 2018.
Aidhmeanna an Chomharchumainn
- Gné na teanga den fhorbairt phobail a chur chun cinn.
- Scéim chuimistheach Pleanáil Teanga a chur i bhfeidhm sa cheantar.
- Freastal ar óige an phobail trí cur lena n-oiliúint agus féinmhuinín, ina dteanga, ina gcultúr ceoil agus drámaíochta.
- Caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge agus oidhreacht phobal Ghaoth Dobhair.
- Íomha dearfach a chruthú don cheantar Gaeltachta seo i measc an phobail féin agus in intinn dhaoine taobh amuigh den cheantar.
- Fostaíocht agus seirbhísí teanga lárnaithe a chur chun cinn.
- Seirbhísí riachtanacha don phobal a sholáthar mar is achmhainn don Chomharchumann.
An Seomra Staire
Tá an Seomra Staire ins an Chrannóg foscailte gach lá ó Luan go hAoine óna 9r.n. – 5i.n. (agus ag amanna eile ach coinne a dhéanamh). Tá cuid mhór ábhar stairiúil ann, seanphictiúir, sean-irisí agus nuachtáin, chomh maith le cnuasach mór de leabhair Ghaeilge agus leabhair thagartha ag baint le Gaoth Dobhair agus Dún na nGall. Tá an t-ábhar ní amháin iontach úsáideach do mhic léinn agus do lucht taighde ach suimiúil fosta don phobal. Níl cead ábhar a thógáil amach as an áit ach tá fáilte roimh chóipeanna a dhéanamh. Is áis luachmhar é seo don phobal – bainigí leas as!
Oifig Eolais
- Foirmeacha Gaeilge; eolas ar fáil maidir le lóistín, imeachtaí, áiseanna sóisialta agus turasóireacht áitiúil.
Seirbhísí Oifige
- Fótachóipeáil, lannú, clóscríobh, scanadh pictiúr, facs, ríomhphost agus idirlíon don phobal.
Scoil Cheoil na Crannóige
http://crannog.ie/scoil-na-crannoige/
- Giotár, fidil, maindilín, bosca ceoil, feadóg, consairtín, feadóg mhór, Amhránaíocht, Scéalaíocht agus Drámaíocht.
Ranganna Gaeilge
- Bunranganna, ranganna comhrá agus Teastas Eorpach sa Ghaeilge (TEG).
Cumann Cairdeas – Club 50
- Deis do ghrúpa fir agus mná bualadh le chéile mar imeacht shóisialta uair sa tseachtain.
Seirbhís Comhairliúcháin
- Comhairle ar fáil do lucht gnó maidir le comharthaí agus fógraíocht Gaeilge.
Seirbhís saor chomhairle dlí uair sa mhí.
Campaí Samhraidh
- Mí Iúil ar feadh 4 seachtainí.
Spórt, uirlisí ceoil, Amhránaíocht agus Scéalaíocht.
Fiontair atá ag gníomhú san Ionad
- Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
- Scoil Cheoil na Crannóige
- Naíonra na Crannóige
- Comharchumann na nOileán Beag
- Foras na Gaeilge
- Clinic Carolyn Norgate
- Scéim Sóisialta Tuaithe
- Scéim Forbartha Pobail
- An Siopa Frámála
- Cul a’Tigh
- Leonie Uí Fhearraigh – Grianghrafadóir
Follasacht:
Tá Coiste Stiúrtha Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair tiomonta chun cloí le cloí leis an gcód follasachta a oiriúnaíodh ón Scála Follasachta Rialachais de chuid Boardmatch Ireland. (www.boardmatch.ie) agus mar thoradh ar sin beidh muid ag cuir i bhfeidhm agus a tiomantas a thabhairt go gcloífidh muid leis an Ráiteas Carthanais ar Chleachtas Molta (SORP) nuair is cuí; go bhfoilseoidh siad cuntais bhliantúla, (mar atá atá sonraithe thíos) agus go liostóidh muid faisnéis faoi chomhaltaí boird ,mar a leanas:
Coiste
Cathaoirleach
Máire Mhic Niallais
Gníomhaí Teanga agus pobail. Ball bunaithe de Bhord Stiúrtha
Comhar Chreidmheasa Ghaoth Dobhair. Iarr bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta agus de Bhord na Gaeilge. Duine de bhunaitheoirí Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
Rúnaí
Dónal Ó Cnáimhsí
(Fostaí ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha)
Ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge. Iarr chathaoirleach ar C.L.G Ghaoth Dobhair.
Cisteoir
Peadar Ó Gallchobhair
(Feirmeoir)
Ball de Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair óna thús i 1988.
Baill
Colm Ó Baoill
(Feidhmeannach le Foras na Gaeilge)
Ball de bhord Comhar Chreidmheasa Ghaoth Dobhair agus bord bainistíochta Phobalscoil Ghaoth Dobhair
Antoin Mac Aodha
(Iarr-bhainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair)
Cathaoirleach áitiúil de chumann Uinsionn de Pól agus cumann Staire & Seanchais Ghaoth Dobhair.
Muiris Ó Gallchobhair
Príomh oifigeach le Briogaid Dóiteán Ghaoth Dobhair.