Is é Gaoth Dobhair croílár Ghaeltacht Thír Chonaill; ceann de phríomhcheantair Ghaeltachta na tíre. Labhraítear an Ghaeilge go forleathan in achan chuid den pharóiste. Tagann na sluaite ó achan chearn den tír agus den domhan go Gaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair le freastal ar choláistí agus ar chúrsaí Gaeilge d’óg agus fásta.
Is trí mheán na Gaeilge atá an teagasc ar fad i mbunscoltacha na paróiste, sa Phobalscoil agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na Gaillimhe). Is i nGaoth Dobhair atá cuid mhór d’oifigí réigiúnacha agus náisiúnta eagraisí éagsúla cosúil le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4, Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta. Is i nGaeilge a léitear na hAifrinn uilig i séipéil Chaitliceacha na paróiste. Tá Amharclann Ghaoth Dobhair foscailte arís ó bhí 2017 ann agus borradh faoi chúrsaí drámaíochta agus cultúrtha sa cheantar dá bharr.
Tá go leor de bhunadh an cheantair nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, nó nach bhfuil sí acu ar chor ar bith, ach is é an aidhm atá leis an phróiseas Pleanála Teanga atá ar bun sa cheantar faoi láthair, ná an taoide sin a iompú agus an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú mar theanga an teaghlaigh agus mar theanga an phobail.
Tá cúntóirí teanga fostaithe anois i mbunscoltacha na paróiste agus sa Phobalscoil agus is ábhar dóchais é seo. Ar ndóigh, tá an Tumoideachas faoi lán seoil sna scoltachta agus tá obair mhaith á déanamh ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de fosta. Is mór an tionchar a bhíonn ag saothar na Crannóige ar ghlúnta óga an phobail agus pilleann cuid mhaith den aos óg ar a dteanga dhúchais nuair a mhúsclaíonn an saol agus an t-oideachas tríú leibhéal an spreagadh agus an tsuim iontu.
Ba í an Phlandáil Ultach (1609) a chuir cor i gcinniúint na paróiste. Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill. Nuair a shroich cuid acu Gaoth Dobhair, ní fhéadfadh siad a dhul níos faide siar. Ba i dtrátha an ama seo fosta a thosaigh Sasanaigh agus Albanaigh a chur fúthu anseo nuair a roinneadh an “unchartered territory” seo ina mbarúntachtaí.
Is cosúil gur beag cónaí a rinneadh sa pharóiste roimh an 17ú céad. Na chéad daoine a tháinig, chónaigh siad ar na hoileáin nó cois cladaigh sna “cloigíní”- dornán beag tithe déanta i gcuideachta agus ar fhoscadh a chéile.
Go dtí tús an 19ú céad, ní raibh daonra mór sa pharóiste agus is cosúil go raibh cumann maith idir na daoine agus úinéirí na talún.
Ba le teacht na dtiarnaí talún úra sa 19ú céad, go háirithe Lord George Hill (1801-1879) agus a mhac Arthur, a chuaigh saol na ndaoine sa pharóiste chun donais. Thug pobal na paróiste, faoi stiúir an Athar Séamas Mac Pháidín (sagart paróiste 1875-1901), dúshlán na dtiarnaí talún le bunú Chonradh na Talún agus leis an ‘Plan of Campaign’. Ba é marú an Mháirtínigh (District Inspector William Martin) taobh amuigh de Theach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga ar an Domhnach, 3 Feabhra 1889 buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair.
Ar cheann de na heachtraí is mó a tharla i Stair Ghaoth Dobhair, tá an Tuile Mhór a tharla i dTeach Pobail Mhuire, Doirí Beaga ar Lá Fhéile Muire san Fhómhar (15 Lúnasa), 1880. Thit báisteach throm le linn an aifrinn agus scuab tuile san abhainn a bhí ag rith faoin teach pobail, ‘gach craobh agus crann’ agus achan chineál conamar eile. Chuir seo brú ar phíopa na habhann agus sa deireadh, thosaigh sí ag sileadh thar a bruacha agus thosaigh an t-uisce ag ardú. Lean an tAthair Mac Pháidín le hAifreann an Domhnaigh go dtí go raibh barraíocht uisce sa teach pobail. Deirtear go raibh leanbh á bhaisteadh ann an lá sin agus gur cuireadh an páiste in airde ar an bhosca faoistine lena shábháil ón uisce.
Bádh cúigear an lá sin; Cónall Ó Baoill (Inis Meáin), Niall Ó Dochartaigh (Machaire Chlochair), Gráinne Ní Ghairbhith (An Charraic), Anraoi Ó Gallchóir (Machaire Chlochair) agus Séamas Ó Fearraigh (Srath na Corcra).
Níor baineadh úsáid as an fhoirgneamh mar theach pobail ón bhliain 1972 mar gur tógadh teach pobail úr ar an ard. Rinne tuile eile a tharla sa cheantar in 2009 scrios mór ar an áit.
Gidh gur beag am a bhí ag an Athair Mac Pháidín don cheol dúchasach ag deireadh an naoú céad déag, bhain An Píobaire Mór- Tarlach Mac Suibhne, clú agus cáil amach sa bhaile agus i gcéin. Réitigh Síle Mhicí Uí Ghallchóir, Annie agus Cití Eoghain Éamoinn Ní Ghallchóir agus go leor eile, an bealach do cheoltóirí móra an lae inniu a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach acu: Enya, Máire Ní Bhraonáin agus Clannad, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Altan, Na Casaidigh, Maria Nic Cumhaill, Na Mooneys, Aoife Ní Fhearraigh, Noeleen Ní Cholla agus go leor eile nach iad. Ba i nGaoth Dobhair a rugadh agus a tógadh beirt de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada fosta- Doiminic Mac Giolla Bhríde & Máire Ní Choilm.
An bhfuil paróiste eile sa tír (nó sa domhan) as a dtáinig amhránaithe chomh binn agus chomh cumasach? Tá rath agus bláth ar an cheol i measc aos óg na paróiste, go háirithe i Scoil Cheoil na Crannóige. Tá an Crann Óg ag dul ó neart go neart. Ba faoi stiúir agus faoi ghríosú Scoil Cheoil na Crannóige a tháinig leithéidí Cathal Ó Curráin, Megan Nic Fhionnghaile agus Emma Ní Fhíoruisce.
Tá iomrá leitheadach ar Theach Hiúdaí Beag agus ar Thábhairne Leo don cheol traidisiúnta agus ar Theach Jack don damhsa céilí (achan oíche Mháirt i rith na bliana).
Lorem ipsum dolor sit orot amet, cons ctetur atrd piing elit.
Lorem ipsum dolor sit orot amet, cons ctetur atrd piing elit.
Lorem ipsum dolor sit orot amet, cons ctetur atrd piing elit.