scoil Na Crannóige

Tá Scoil na Crannóige ag cuir ranganna ar fáil achan tseachtain  sa Chrannóg ag teagasc fidil, feadóg stáin, píoba, giotár, bosca ceoil, consairtín, maindilín, cláirseach, amhránaíocht agus drámaíocht &  Cór daoine fásta.

Thig ranganna aonarach a eagrú do pháistí & do dhaoine fásta.

Beidh ranganna ar ais sa Chrannóg ón 8ú Meán Fómhair 2025.  

Téarma 10 seachtainí 8/9/25 – 21/11/25.

Thig clárú & íoc ar líne ag an nasc seo –

https://cfgd.wufoo.com/forms/t1-snac-8925/

Tá bileog eolais isteach le seo ach thig leis an lá/am athrú ag bráth ar éilimh.

Beidh rang fideogaí 6-7 Déardaoin.

Beidh fad an rang ag bráth ar an méid daoine atá sa rang. Múna bhfuil go leor daoine ag an leibhéal ceanna le rang a dhéanamh, thig ranganna aonarach a eagrú. Tá ranganna aonarach €20 ar 30 bom.

Do pháistí atá ag tosach uirlis ceoil is fearr tosach leis an fheadóg stáin.

Tá rang grúpa (ar luach laghdaithe €30) ar fáil do dhaoine atá 10+ & atá ag seinm le cúpla bliain. Tá seo ar fáil do dhaoine atá ag déanamh ranganna aonarach nó rang uirlisí (ach amháin giotár).

Ní bheidh ranganna Scíth lárthéarma ón Luan go Aoine, 27-31 Deireadh Fómhair.  Beidh ranganna Dé Luain fiú más saoire banc atá ann.

Tá uirlisí le fáil ar cíos do thosaitheoirí. Más maith leat uirlis ar cíos nó tuilleadh eolais, cuir rphost chuig  ó

scoilnacrannoige@gmail.com

 

Ranganna sa Chrannóg.

10 weeks of classes
			

Dé Luain Giotár 10+ 6in

Grúpa nach tosaitheoir 10+ 6in

Dé Máirt Drámaíocht Pobalscoil 4.30-6in

Bosca Cnaipí 8+ 6in

Amhránaíocht 6+ 6 & 7in

Cláirseach 10+ 6in

Dé Céadaoin Consairtín 8+ 5 & 6in

Fidil 6+ 5 &6in

Maindilín 8+ 5 &6in

Déardaoin Píb Uilleann 10+ 5.30in

Feadóg Stáin 6+ 6-7in

Dé hAoine Drámaíocht aois bun scoile 6+ 3.30 – 4.30

Lá le socrú Fliúit 8+

Bouzouki 8+

 

CD 1 - scoil Na Crannóige
Thig éisteacht leis na píosaí ceoil seo fhad is atá tú ag foghlaim. Tá na nótaí le fáil sa leabhair thíos.

Focal Amhráin
Cumhaidh an Oileáin: 
cumtha ag Tomás 'ac Giolla Bhrighde (Tom a'Bhungalow). 
Céad slán leis an oileán Inar chaith mé mo shaol 
Céad slán leis na beannaí, an cnoc is an sliabh 
céad slán leis na poirt, Port a' Chruinn is Port Mór 
Céad slán leat, a Ghabhla, céad slán leat go buan. 
I mo bhrídeog a chuaigh mé, go dtí an baile thiar 
Le Dónall mo chéile Ba sheascair a bhíos 
De chlann bronnadh orainn,triúr mac agus iníon 
Is ba mhinice gaire ná gruaim i mo shaol. 
Ag Carraig an Aifrinn, tráthnóna Déardaoin 
Do ghuigh mé chuig Mhuire,an doineann a chloí 
Ach mo chéile 's mo chlann mac do ghoid an mhuir uaim 
Agus faire gan corp a bhí againn Dé Luain 
Tá Maire, mo iníon amuigh ar tír mhór 
Is aici a rachadh le ualach mo bhróin 
Ach m'anam 's mo chroí ní fhágfaidh go deo 
An teach beag a thóg Dónall, mo chéile fadó 
Céad slán leis an oileán Inar chaith mé mo shaol 
Céad slán leis na beannaí, an cnoc is an sliabh 
céad slán leis na poirt, Port a' Chruinn is Port Mór 
Céad slán leat, a Ghabhla, céad slán leat go buan. 
 

Amhráin

1 Videos
Focal Amhráin
Bó na Leath adhairce
Bó, bó, bó na leath adhairce
Bó, bó, sí an tseana chaor adharcach
Bó, bó, bó na leath adhairce
Bó dhruimfhionn dhearg ná feadar cá bhfaighead’ í
Thíos cois na toinne ‘sea beathaíodh mo chaora
Ag Diarmuid Ó Dioláin ó Bharra na hAoine
Mac dearthár athair dom a chuir le faill í
Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire.
B’fhearr liom ná scilling go bhéicfinn mo chaora
‘Teacht go dtí an doras ar maidin nó ‘stóiche
Thálfadh sí bainne orm, bheathódh sí uan dom
Chuirfeadh sí ‘jacketeen’ deas ar mo ghualainn.
Chonacthas beirithe í, chonaic a roinnt í
Chuireas-sa dúil intí ach blúire ní bhfaighinn di
ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
ó nár dheas í an tseana chaor adharcach.
Dá mbeinnse i rachmas, i ngradam is in oidhreacht
Thabharfainnse giní ar chúpla sladhas di
Ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
Ó nár dheas í an tseana chaor adharcach.
 
Focal Amhráin
Crann Úll
Tá crann úll i gcoirnéal an ghairdín
Is suífimid síos nó go gcuire muid an fál air
Ar eagla go dtitfeadh an bunadh óg i ngrá leis
Nuair a bhogfhas tusa
Bogfaidh mise
Is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó 
B’fhearr liom an gabha ’tá ag obair sa cheartán
Ag bualadh an t-ord go luachmhar is go láidir
A shaothródh an scilling is d’ólfadh ’dtigh an tábhairne é
B’fhearr liom an feirmeoir ag seoladh amach go haerach
Maidin dheas san earrach, le seisreach is péire
Ag cromadh ar an obair ’s ag tiontú an chréafóg
B’fhearr liom an t-iascaire amuigh ina bháidín
Ag cur a chuid eangach ’s ag breith ar na bradáin
Ag troid leis na tonnta ó oíche go maidin
Focal Amhráin
Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
Céad slán ag sléibhte maorga
Chondae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd
Ina stua os cionn caor 's call
Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich
Go ciún 'sa ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
Is beag nár bhris mo chroí
Ag taisteal domh amach fríd chnoic Ghleann Domhain
'S an Mhucais ar mo chúl
Ní miste domh 'ra le brón 's le crá
Gur fhreasach a shil mise súil
Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall
I bhfad thar an fharraige mhór
D'fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall
'S ag Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh
Ó m' thír bheag dhílis féin
Ach trom lámh Gall, le cluain
'S le feall, a thiomáin mé i gnéill
B'é rún mo chroí-se pilleadh arís
Nuair a dhéanfainn beagán stór
'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil
Fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair
Slán, slán go fóill a Dhún na nGall
A chondae shéimh gan smál
'S dod gheara breá in am an ghá
Nár umhlaigh riamh roimh Ghall
Tá áit i mo chroí do gach fear 's gach mnaoi
'S gach páiste beag agus mór
Áta beo go buan, gan bhuairt, gan ghruaim
Fá Ghleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
 

Amhráin

1 Videos
Focal Amhráin

Ansacht na n-ansacht

A mh’ansacht na n-ansacht

A dtug mé m’ansacht go léir duit

Nach cuimhin leat mo mhealladh

Is rinne tú’n fheall orm na dhiaidh sin

 

Anois atá mé folamh

Is go bhfuil m’intinn lán bhuartha

‘S mé ag amharc ar mo leannán

Ag fear eile á bréagadh

 

Éireoidh mé ar maidin

Le theacht dheirg na gréine

Agus fuígfidh mé mo bheannacht

Ag cailíní an tsaoil seo

 

Bhéarfaidh mé an ruaig sin

Thart suas fá Loch Éirne

‘S ní fhillfidh mé ‘na bhaile

Go gcanfaidh ‘n chuach ann gach réigiún

 

Mar bhláth bán na nóiníní

Bhíos a’ fás i dtús a’ tSamhraidh

Nó mar fhaoileán dheas bhán

A bhíos a’ snámh ar na méilte

 

Mar ghrian os cionn na dtuillte

‘Sí dealramh thart timpeall

‘S nach siúd mar bhíos mo ghrása

A’ déanamh rámhaillí i m’intinn

Table of Contents