An Ghaeilge

An Ghaeilge

Is é Gaoth Dobhair croílár Ghaeltacht Thír Chonaill, ceann de phríomhcheantair Ghaeltachta na tíre. Labhartar an Ghaeilge go forleathan in achan chuid den pharóiste. Tagann suas le 2,000 déagóir ó  na ceithre hairde ag triall go “Gaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair” achan samhradh le freastal ar chúrsaí i gColáistí na bhFiann agus an Phiarsaigh, i gColáistí Chú Chulainn agus Ghael Linn.  Caitheann na céadta ábhar oide ó na hinstitúidí oideachais tréimhse foghlama achan bhlian in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i gColáistí Chú Chulainn agus an Phiarsaigh.  Tagann na sluaite ó achan chearn den tír agus den domhan le freastal ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a eagraíonn Gael Linn, Gaelturas, Teach an Mháistire agusa an tAcadamh.  Bíonn cúrsa do theaghlaigh i bPobalscoil Ghaoth Dobhair gach samhradh ag Cumann an Phiarsaigh.

Is trí mheán na Gaeilge atá an teagasc ar fad i mbunscoltacha na paróiste , sa Phobalscoil agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉ Gaillimh).  Is i nGaoth Dobhair atá cuid mhór d’oifigí réigiúnacha agus náisiúnta eagraisí éagsúla lonnaithe – RTE Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4, Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta.  Is i nGaeilge a léitear na hAifrinn uilig i séipéil Chaitliceacha na paróiste.Tá Amharclann Ghaoth Dobhair foscailte arís ó 2017 agus borradh úr faoi chúrsaí drámaíochta agus cultúra sa cheantar.

Mar sin féin, tá go leor de bhunadh an cheantair nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, nó nach bhfuil sí acu ar chor ar bith. Mheall an fhorbairt thionsclaíoch cuid mhór Béarlóirí chun an cheantair. Phill cuid mhór de bhunadh na háite chun an bhaile le clann a thógáil ar fhód a ndúchais agus go minic is Béarla a bhíonn ag duine de na tuismitheoirí agus ag na páistí.

Tá muid ag dul i dtreo an dátheangachais de réir a chéile. Tá seo le feiceáil i measc aosa óig an phobail. Gidh gur í an Ghaeilge an ghnáth-theanga teallaigh i mórchuid na dteaghlach sa pharóiste, is i mBéarla ar fad beagnach a dhéanann an t-aos óg cumarsáid le chéile. Ní dóigh le déagóirí na Gaeltachta inniu go bhfuil an Ghaeilge cool go leor. Dar ndócha, níl an saibhreas ná an cruinneas ina gcuid Gaeilge nuair a labhrann siad í.

Ach tá go leor comharthaí dóchais ann fosta.Tá cúntóirí teanga fostaithe anois i mbunscoltacha na paróiste agus sa Phobalscoil agus is ábhar dóchais é seo.Tá an Phleanáil Teanga agus an Tumoideachas faoi lán seoil sa pharóiste. Tá obair mhaith á dhéanamh sna scoltacha uilig ó thaobh na Gaeilge de.Tá tionchar mhór ag saothar na Crannóige ar ghlúnta óga an phobail. Agus pilleann cuid mhaith den aos óg ar a dteanga dhúchais nuair a osclaíonn an saol agus an t-oideachas tríú leibhéal a gcuid súl daofa.

  • Facebook