Treoirlínte COVID-19

Treoirlínte Covid Guidelines

Agus muid tosaithe árais le ranganna ceoil tá muidinne ag Scoil na Crannóige ag glacadh gach céim gur féidir linn le cloí le treoirlínte maidir le COVID 19 agus muid ag déanamh iarracht bhur bpáistí agus muid féin a choinneáil sábháilte. Chun seo a bheith éifeachtach tá muid bráth ar chomhoibriú iomlán uaibhse mar thuismitheoirí. Mar sin, má tá do pháiste ag teacht chuig rang(anna) , tá muidinne ag Scoil na Crannóige ag glacadh leis é bheith intuigthe :

  • Nach bhfuil siomptóim ar bith de COVID 19 a léiriú ag do phaiste, nó ag duine ar bith eile i do theach.
  • Nach bhfuil do pháiste nó duine ar bith eile i do theach ag fanacht le torthaí tástála COVID 19.
  • Nach raibh toradh dearfach tástáil COVID 19 ag do pháiste, nó ag duine ar bith eile sa teach le 14 lá anuas.

Ma tá ceann ar bith de na coinníollacha thuas amhlaidh – le bhur dtoil, NA CUIR DO PHAISTE CHUIG RANG!

As we have thankfully have been able to start back on our classes, we at Scoil na Crannóige are taking every step possible to adhere to current Covid 19 guidelines and every effort to make sure your children and ourselves remain safe. To do this effectively we are depending on your full co-operation as parents. Therefore, if your child(ren) attends class(es), we at Scoil na Crannóige take it as implicit:

  • That your child is not displaying any COVID 19 symptoms
  • That neither your child nor anyone else from your household is currently waiting on results of a COVID 19 test.
  • That neither your child nor anyone else from your household has had a positive result from a COVID 19 test .

If any of the above situations do exist, please DO NOT SEND YOUR CHILD TO CLASS

  1. Beidh masc le caitheadh ag na scoláirí ar a mbealach isteach agus amach as an Chrannóg. Caithfidh a masc féin a bheith le gach duine. Students will be required to wear a mask on their way in and out of the Crannóg. Everyone must have their own mask.
  2. Tá stáisiúin sláinteachais curtha isteach ar fud na Crannóige ag gach pointe iontrála. Tá stáisiúin sna seomraí chomh maith, in aice le gach doras. Beidh ar gach páiste na lámha a ní roimh gach rang. Hygiene stations have been installed throughout the Crannog at all points of entry. The rooms also have stations, next to each door. All children will be required to wash their hands before each class.
  3. Fan sa charr go dtí go dtí go bhfuil am an rang ann. Please wait in the car until class time.
  4. Cloígh le scaradh sóisialta 2m atá i bhfeidhm sna ranganna agus déan cinnte go bhfuil do pháiste eolach ar deá-chleachtais sláinteachas mar shampla lámha a nigh agus béasaíocht maidir le casachtaí. Adhere to the social distancing measures in place for the class and ensure that your child is aware of good hygiene i.e hand washing/ sanitising and general coughing and sneezing etiquette.
  5. Beidh ar achan chuairteoir/tuismitheoir coinne a dhéanamh roimh réidh más maith leo labhairt le teagascóir nó nduine eile sa Chrannóg. All visitors / parents will be required to make an appointment in advance if they would like to speak to a tutor or someone else in the Crannog.
  6. Tá sé iontach tábhachtach nach gcuirfear páiste ar bith go dtí an Crannóg agus comharthaí slaghdáin, fliú nó casachtach orthu. Má thig siomtóim ar pháistí agus iad sa Chrannóg, cuirfear go dtí an ionad leithlise iad ina n-aonar agus cuirfear scéala chuig na tuismitheoirí theacht fána gcoinne. It is very important that no children are sent to the Crannog with symptoms of a cold, flu or cough. If children experience symptoms while in the Crannóg, they will be sent to the isolation centre on their own and parents will be notified to attend.

Má fhreagraíonn tú ‘Tá’ do cheist ar bith acu seo ná tar go dtí an rang.

If you answer ‘yes’ to any of these questions do not attend the class.


CEISTEANNA/Questions
1.An bhfuil comharthaí ort do chasacht, fiabhras, teocht ard, scornach tinn, srón ag sileadh, giorra anála nó comharthaí fliú anois nó le 14 lá anuas? Do you have symptoms of cough, high temperature, sore throat, runny nose, breathlessness or flu like symptoms now or in the last 14 days?
2.An raibh tú thar lear le 14 lá anuas? Have you been abroad in the last 14 days?
3.An ndearnadh diagnóis ort le COVID-19 deimhnithe nó amhrasta le 14 lá anuas? Have you been diagnosed with confirmed or suspected COVID-19 infection in the last 14 days?
4.An bhfuil tú i ndlúth-theagmháil le duine atá deimhnithe nó amhrasta do COVID-19 le 14 lá anuas? Have you been in close contact with a person who is a confirmed or suspected case of COVID-19 in the last 14 days?

Is Emma Mhic Aoidh Príomhionadaí Oibrithe (PO) na Crannóige. Beidh sí ag obair linn uilig chun scaipeadh COVID-19 a chosc agus monatóireacht a dhéanamh.

Má tá ceist nó imní ar aon duine, tá fáilte romhaibh ríomhphost a sheoladh chuig cfgdemma@gmail.com agus do uimhir a fhágáilt.

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

Tuilleadh eolais faoi Treoir Covid crannog.ie

Campa Samhraidh

Glanadh & Díghalrú

Caithfear a dhéanamh cinnte go mbeidh gach páiste agus gach cinnire ag cloí le dea-shláinteachas riospráide (casacht / sraothartach isteach i do             mhuinchille/uilinn/naipcín a úsáid srl). Ba cheart treoir a thabhairt do na páistí a bheith cúramach gan lámh a chuir ar a gcuid súl, béal & srón.

            Ba chóir do chinnirí agus páistí araon na lámha a nigh go minic agus go maith le gallúnach agus uisce (nó ábhar díghalraithe lámh a úsáid sa gcás nach bhfuil gallúnach & uisce ar fáil), le linn an champa, agus go háirithe:

   – ag teacht isteach agus ag fágáil láthair an champa

   – tar éis casachta nó sraothartaigh

   – roimh agus tar éis ithe

   – roimh agus tar éis leithris a úsáid

   – roimh agus tar éis Garchabhair

   – tar éis bruscair a fholmhú

   – tar éis glanadh / díghalrú a dhéanamh ar aon rud

   – roimh agus tar éis uachtar gréine a chur ort féin / ar pháiste

   – aon uair atá na lámha salach

Caithfidh achan nduine a gcuid bruscar féin uilig a thabhairt na bhaile.

Níl cead buidéil, cupáin, plátaí srl a roinnt idir pháistí agus / nó cinnirí.

Páistí a Fhágáil & a Bhailiú

Caithfear bainistiú a dhéanamh ar na hamanna a bheidh tuismitheoirí / caomhnóirí ag fágáil páiste ag láthair an champa & iad a bhailiú arís, le nach mbeidh plód daoine ag teacht chuig an láthair ag aon am amháin (moltar tréimhse ama a leagan amach do seo – 30 nóiméad m.sh. – ag tús agus deireadh an lae, & gach tuismitheoir / caomhnóir a chur ar an eolas).

Moltar do thuismitheoirí / caomhnóirí masc aghaidhe a chaitheamh, agus gan a bheith ag teacht amach as a ghluaisteán más féidir, nuair a bheas siad ag fágáil agus ag bailiú páiste.

Cás Tinnis le linn an Champa

Má éiríonn páiste nó cinnire tinn le linn an champa, ba chóir iad a chur in áit ar leith atá leagtha amach don údar sin amháin (féach coinníoll 8).

Ba chóir go mbeadh masc ar fáil don duine tinn, chomh maith le páipéar frithbhaictéarach agus díghalrú lámh.

Ba chóir don duine tinn dea-shláinteachas riospráide a chleachtadh, gan a lámha a leagan ar aon duine eile nó ar aon dhromchla thart orthu.

Caithfidh an té a bheas ag déileáil leis an duine tinn masc, miotóga, aprún agus aon ábhar cosanta (PPE) eile a theastaíonn, a chaitheamh.

Caithfear an duine tinn a choinneáil ina aonar go dtí go mbeidh bealach abhaile acu.

Má éiríonn páiste tinn le linn an champa agus go gcaithfear é / í a thabhairt chuig dochtúir nó osipdéal, is tuismitheoir / caomhnóir an pháiste sin a cheart iad a thabhairt chomh fada le dochtúir nó ospidéal.  Ní cheart do            chinnire seo a dhéanamh, ar fhaitíos ionfhabhtaithe ar láthair eile agus an            víreas a scaipeadh nuair a fhillfidh siad ar láthair an champa.

Má bhíonn amhras go bhféadfadh comharthaí sóirt Covid-19 a bheith ar pháiste a éiríonn tinn le linn an champa, caithfear an tuismitheoir / caomhnóir         a chur ar an eolas láithreach, agus insint dóibh teagmháil a dhéanamh lena       ndochtúir teaghlaigh.  Caithfidh an duine cloí le treoirlínte sláinte poiblí i gcás          amhrais Covid-19 (i gcás páiste, tá an fhreagracht sin ar an tuismitheoir /    caomhnóir). Ní chóir dóibh filleadh ar láthair an champa go dtí go mbeidh sé deimhnithe le torthaí tástála / teastas dochtúra nach bhfuil Covid-19 orthu.

I gcás amhrais go bhféadfadh comharthaí sóirt Covid-19 a bheith ar chinnire a          éiríonn tinn le linn an champa, ba chóir dóibh féin teagmháil a dhéanamh lena          ndochtúir teaghlaigh.  Caithfidh an cinnire cloí le treoirlínte sláinte poiblí i          gcás amhrais Covid-19.  Ní chóir dóibh filleadh ar láthair an champa go dtí go          mbeidh sé deimhnithe le torthaí tástála / teastas dochtúra nach bhfuil Covid-         19 orthu.

Taifead i gcomhar Rianú Teagmhála

Caithfear taifead á choinneáil d’ainm & uimhir teagmhála gach páiste a fhreastalaíonn & gach duine fásta a mbíonn ar láthair an champa ag aon am le linn an champa samhraidh, chun tacú le rianú teagmhála má theastaíonn.

N.B. is féidir rollaí an champa a úsáid sa gcás seo, ach cóip a bheith coinnithe ag stiúrthóirí an champa ar fhaitíos go dteastóidh sé tar éis don champa críochnú (caithfear cloí le rialacha GDPR maidir le sonraí pearsanta dhaoine a choinneáil faoi rún).

Is Emma Mhic Aoidh Príomhionadaí Oibrithe (PO) na Crannóige. Beidh sí ag obair linn uilig chun scaipeadh COVID-19 a chosc agus monatóireacht a dhéanamh.

Má tá ceist nó imní ar aon duine, tá fáilte romhaibh ríomhphost a sheoladh chuig cfgdemma@gmail.com  agus do uimhir a fhágáilt.

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

Tuilleadh eolais faoi Treoir Covid  crannog.ie

Tá an foirm seo le líonadh isteach idir 2 lá róimh tús an champa & tús an champa./This form must be completed between 2 days before the start of the camp & the start of the camp.

https://cfgd.wufoo.com/forms/campa-na-crannaige-mar-covid19/

T-Léine

Cuirfear t-léine ar fáil do gach páiste atá ag freastal ar an champa, ba mhaith linn da mbeadh seo orthu gach lá le do thoil.

  • Facebook