Treoirlínte d’úsáid na teicneolaíochta le ranganna a theagasc agus acmhainn ábhartha a roinnt ar líne.
Is é leas agus sábháilteacht na bpáistí agus daoine óga atá rannpháirteach i Scoil na Crannóige atá mar thosaíocht ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair CFGD, bíodh na ranganna á dteagasc i ngnáth sheomra ranga nó ar líne. Seo thíos treoirlínte agus meabhrúcháin do theagascóirí agus do thuismitheoirí maidir le tábhacht na Cosanta Leanaí.
Treoir do theagascóirí:
- Go mbeidh aon chomhfhreagras, glaochanna físe ar líne agus ábhar roinnte ar líne san áireamh á chomhordú trí CFGD agus ní trí chuntais phearsanta na dteagascóirí.
- Go mbeidh aon chomhfhreagras atá ag teacht ó CFGD i dtaca leis na ranganna seo déanta le cuntais na dtuismitheoirí/caomhnóra nó scoileanna amháin agus ní cuntais na bpáistí/na ndaoine óga iad féin.
- Nach mbeidh aon taifead á dhéanamh ar na ranganna ar líne agus nach mbeidh CFGD nó aon duine ar an bpainéal teagascóirí ag déanamh aon taifeadadh ar aon pháiste/duine óg agus iad i mbun na ranganna. Má tharlaíonn sé go gcuirtear físeán nó grianghraif de pháistí ar aghaidh chuig teagascóirí, is gá é seo a chur in iúl don Comhordaitheoir agus a chur in iúl don té a chuir an t-ábhar nach féidir glacadh leis. Is féidir ansin é a bhaint ó do ghléas pearsanta.
- Go mbeidh rochtain ag Comhordaitheoir ar an ábhar agus ar na ranganna beo ar líne le cinntiú nach bhfuil aon spásanna príobháideacha ar líne á gcruthú idir páistí/daoine óga agus an teagascóir.
- Go bhfuil gnáthnósanna Cosanta Leanaí fós i bhfeidhm agus má tá imní ar theagascóir maidir le leas aon pháiste/duine óg, gur chóir tuairisc a dhéanamh faoi seo nó má tá aon cheist maidir leis an ábhar imní, ba choir í a phlé leis an duine idirchaidreamh ainmnithe.
- Mar aon le haon teagmháil nó cumarsáid ar líne, is gá a chinntiú nuair atá Zoom in úsáid nach mbeidh aon teachtaireachtaí príobháideacha á seoladh idir an teagascóir agus aon pháiste/duine óg ná tuismitheoirí. Má dhéantar iarracht seo a dhéanamh, is gá é a chur in iúl don Comhordaitheoir.
Tá treoir maidir le sábháilteacht ar líne ó na suíomhanna seo: