Tá an Seomra Staire ins an Chrannóg foscailte gach lá ó Luan go hAoine óna 9r.n. – 5i.n. (agus amanna eile ach coinne a dhéanamh). Tá chuid mhór ábhar stairiúil ann, seanphictiúir, sean-irisí agus nuachtáin, chomh maith le cnuasach mór de leabhair Ghaeilge agus leabhair thagartha ag baint le Gaoth Dobhair agus Dún na nGall. Tá an t-ábhar ní amháin iontach úsáideach do mhic léinn agus do lucht taighde ach suimiúil fosta don phobal. Níl cead ábhar a thógáil amach as an áit ach tá fáilte roimh chóipeanna a dhéanamh. Is áis luachmhar é seo don phobal – bainaigí leas as!