POLASAÍ UM CHOSAINT LEANAÍ

POLASAÍ UM CHOSAINT LEANAÍ

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

Clár an Ábhair

1. Tús Eolais 3

2. Ráiteas Cosanta Leanaí 3

3. Cód Cleachtais don Fhoireann. 3

4. Gníomhaíochtaí Lasmuigh 4

5. Treoirlínte ar ghrianghraif a ghlacadh de leanaí 4

6. Ról an Teagmhálaí Ainmnithe 5

7. Mí-Úsáid Leanaí a Aithint 5

8. Mí-úsáid leanaí a nochtadh 6

9. Freagracht mí-úsáid amhrasta nó iarbhír leanaí a thuairisciú 6

10. Nós imeachta tuairiscithe maidir le mí-úsáid leanaí 6

11. Rúndacht 8

12. Nósanna Imeachta maidir le Líomhaintí in aghaidh Baill Foirne 8

13. Nósanna imeachta molta le haghaidh daoine ar cuireadh ina leith gur sháraigh siad na treoirlínte 8

14. Nósanna Imeachta maidir le timpistí 9

15. Nósanna Imeachta maidir le Gearáin 9

16. Nósanna Imeachta maidir le hEarcú agus Roghnú Foirne 10

Aguisín 1: Mí-Úsáid Leanaí a Shainmhíniú agus a Aithint 11

Aguisín 2: Comharthaí de Mhí-úsáid 13

AGÚISÍN 3: Bearta breise um Chosaint Leanaí do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair sna Scoileanna 14

AGUISÍN 4: Líomhain in aghaidh ball foirne; Bearta Cosanta 14

AGÚISÍN 5: Foirm Dhearbhúcháin na Foirne 16

AGUISÍN 6 Foirm Féindearbhúcháin (Baill Foirne Nua) 17

1. Tús Eolais

Tá sé mar dhualgas corparáideach ar an Chomharchumann sábháilteacht agus leas leanaí a mbíonn teagmháil aici leo ar bhealach ar bith a chur chun cinn. Pléann an doiciméad polasaí seo le haithint, tuairisciú agus bainistíocht buarthaí sábháilteachta leanaí, agus cabhróidh sé le duine ar bith atá ag obair ar son an Chomharchumann an aird chuí a thabhairt ar chearta agus leas leanaí. Baineann an polasaí seo le teagascóirí agus oibrithe deonacha an Chomharchumainn.

Bíonn an Chomharchumann ag plé le daoine óga ar na bealaigh seo leanas. Scoil Cheoil, Campaí Samhraidh, Comórtas, Éigse, Féilte, chomh maith le ceardlann agus ócáidí aon uair, de réir mar a tharlaíonn.

Tá sé mar chúram ar an Chomharchumann treoirlínte agus polasaithe oiriúnacha cosanta leanaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Tús Áite do Leanaí- Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí. Leagann ‘Tús Áite do Leanaí- Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí’ oibleagáid ar an gComharchumann leas agus cosaint leanaí a chur chun cinn. Sainmhínítear leanbh mar dhuine ar bith faoi bhun 18 mbliana d’aois nach bhfuil nó nach raibh pósta, chun críocha na dtreoirlínte seo.

D’fhoilsigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige an leagan de Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí atá i bhfeidhm faoi láthair, agus é ar fáil ag www.dcya.gov.ie. Forbraíodh na treoirlínte seo a leanas don Chomharchumann agus an cás seo ann.

2. Ráiteas Cosanta Leanaí

Is mian linne sa Chomharchumann a chinntiú go gcosnaítear leanaí chomh fada agus is féidir, fad is a bhíonn siad in éineacht le foireann an Comharchumainn ar bhealach ar bith. Féachaimid le timpeallacht agus eispéireas sábháilte a chur ar fáil, ina bhfuil leas an linbh/duine óig fíorthábhachtach. Cloífimid le moltaí TúsÁite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, a d’fhoilsigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Déanfaidh an Chomharchumann na bearta seo a leanas:

  • Admhóidh sí go bhfuil sé de cheart ag leanaí go gcosnófaí iad, go léireofaí meas orthu, go n- éistfí leo agus go gcuirfí a dtuairimí féin san áireamh.
  • Aithneoidh sí gur gá go dtugtar tús áite do leas leanaí i gcónaí, beag beann ar cheisteanna eile ar bith.
  • Glacfaidh sí leis na cleachtais is sábháilte is féidir chun an fhéidearthacht díobhála nó timpistí do leanaí a íoslaghdú, agus chun oibrithe a chosaint ó ghá a bheith le rioscaí a ghlacadh agus iad a bheith i mbaol líomhaintí mí-úsáide nó faillí dá bharr.
  • Forbróidh sí nósanna imeachta le freagra a thabhairt ar thimpistí agus gearáin.

Déanfaidh an Chomharchumann measúnacht ar an bPolasaí go tréimhsiúil agus nithe amhail aiseolas a fuarthas, na cleachtais is fearr agus/nó athruithe ar bith ar reachtaíocht sa tréimhse sin á gcur san áireamh, agus déanfaidh sí leasú air dá réir. Tabharfar cóip de Pholasaí an Chomharchumainn um Chosaint Leanaí do gach ball foirne agus eile d’réir mar is gá a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le leanaí mar chuid dá gcuid oibre, agus beidh sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an Chomharchumainn.

3. Cód Cleachtais don Fhoireann.

Leanfaidh foireann an Chomharchumann na dea- chleachtais oibre seo a leanas le cinntiú go bhfanann gach leanbh sábháilte agus go mbíonn idirghníomhú dearfach acu leis an gComharchumann, bíodh sé sin in ionad an Chomharchumann, nó trí chuairteanna CFGD ar scoileanna agus láthair eile. Caithfidh cur chuige atá dírithe ar leanaí a bheith ag duine ar bith a bhíonn ag obair ar son na gComharchumann, agus a bhíonn i dteagmháil le leanaí mar chuid den obair.

  • Tabhair tús áite do leas agus sábháilteacht an linbh i gcónaí.
  • Caith go cothrom le gach leanbh agus duine óg mar dhaoine aonair, le meas agus dínit.
  • Úsáid an teanga chuí agus bí feasach maidir le teanga agus tráchtanna a dhéantar. Má cheapann tú gur ghlac leanbh/duine óg le rud a dúirt tú mar mhasla, nó gur chuir sé isteach air/uirthi, déan iarracht díriú air go híogair.
  • Meas a léiriú ar spás pearsanta linbh nó duine óig.
  • Tabhair treoir de réir do shampla féin agus bíodh iontaoibh le brath.
  • Cinntiú go seachnaítear iompraíocht dhainséarach ar bith nó go gcuirtear deireadh léi.
  • Cinntiú go gcoinnítear sonraí pearsanta ar bith maidir le leanaí faoi rún.
  • Cinntigh go bhfuil bealaí soiléire cumarsáide ann agus teacht ar an bhfoireann/múinteoirí i gcónaí.

Maidir le gach ball foirne agus eile den Chomharchumann nó cuairteoir sna Scoileanna:

  • Níor chóir dóibh duine óg amháin a thabhairt leo ina n-aonar ar turais amhail turais cairr.
  • Níor chóir dóibh obair ina n-aonar le leanbh ná duine óg.
  • Níor chóir teagmháil fhisiceach a dhéanamh ach mar fhreagra ar riachtanais an linbh, agus ba chóir go mbeadh sé cuí d’aois agus leibhéal forbartha an linbh. Go ginearálta, ba chóir toiliú an linbh a lorg maidir le teagmháil fhisiceach (ach amháin i gcás éigeandála nó cás dainséarach).

Anuas air sin, ní bheidh duine ar bith a oibríonn don Chomharchumann á (h)iompar féin go míchuí mar seo a leanas choíche;

  • Ná húsáid agus ná ceadaigh cumarsáid fhisiceach agus/nó ó bhéal atá maslach nó gáirsiúil.
  • Ná déan leanbh/duine óg ar leith a thoghadh le haghaidh fabhraíocht, cáineadh, magadh éagothrom, nó fócas/aird gan fáilte.
  • Ná ceadaigh/ná déan leagan/teagmháil láimhe mhíchuí de chineál ar bith.
  • Ná buail agus ná ceartaigh leanaí/daoine óga go fisiceach.
  • Ná himir tionchar míchuí ar leanbh ar mhaithe le tairbhe nó luaíocht phearsanta a bhaint amach.
  • Ná fág líomhaintí atá déanta ag leanbh gan taifead.
  • Ná déan agus ná glac le glaonna/téacsanna príobháideacha nuair a bhíonn maoirseacht á déanamh agat ar ghníomhaíocht leanaí.
  • Ná gabh in éineacht le leanbh isteach in áiseanna leithris

Má sháraítear ceann ar bith de na treoracha thuas, féachfar air sin mar shárú an Chóid Chleachtais, agus d’fhéadfaí tús a chur le himeachtaí araíonachta agus coiriúla mar gheall air. Ba chóir go dtuairisceodh duine ar bith a oibríonn ar son an Comharchumann buarthaí atá aige/aici faoi iompraíocht mhíchuí ar bith maidir le leanaí i scríbhinn, pé uair is bainteach, don bainisteoir, nó sa chás gur gearán faoin bainisteoir atá i gceist, chuig Cathaoirleach CFGD.

4. Gníomhaíochtaí Lasmuigh

Tá freagrachtaí chomh maith ar an Chomharchumann maidir le gníomhaíochtaí lasmuigh.

Tá a bpolasaithe féin um chosaint leanaí i bhfeidhm ag gach aon scoil. Nuair a thugann sé/sí cuairt ar scoil ar leith, bíonn an cuairteoir ó CFGD faoi réir na bpolasaithe cosanta leanaí atá ag an scoil ina bhfuil sé/sí.

Turais/Imeachtaí Lae do Leanaí

Is é polasaí CFGD maidir le dul ar thuras ná mar seo a leanas;

Is é bainisteoir CFGD i gcomhair leis an fhoireann oibre agus leanaí/daoine óga a dhéanfadh cinneadh faoi cén áit an t-am, dáta, lá agus an t-am ar ais:

  1. Déanfar cinneadh ar an gcóras taistil don turas.
  2. Socraítear táille don turas.
  3. Socraítear cé méid ceannaire a bheas ag teastáil.
  4. Cuirtear polasaithe an Chomharchumainn i dtaca le iompar, sábháilteacht agus bulaíocht i gcuimhne arís do na leanaí/daoine óga.
  • Beidh fáilte roimh mholtaí ó thuismitheoirí/caomhnóirí agus coiste an Chomharchumann maidir le imeachtaí/turais a phleanáil agus a éagrú.
  • Cuirfear réamh-eolas i scríbhinn maidir leis an turas chomh maith leis an Fhoirm Cead dul ar thuras abhaile leis na leanaí/daoine óga chuig na tuismitheoirí/caomhnóirí coicís roimh ré.
  • Beidh an fhoirm comhlánaithe agus sínithe ag gach uile thuismitheoir/caomhnóir sula dtabharfar na leanaí/daoine óga ar thuras
  • I gcás go bhfuil leanbh/duine óg le riachtanais speisialta sa scoil cheoil, déanfar an turas a phleanáil ag tógáil riachtanais speisialta an leanbh/duine óg

Leanfar Polasaí Cosaint Leanaí an Chomharchumainn le linn an turas.

5. Treoirlínte ar ghrianghraif a ghlacadh de leanaí

Tá roinnt fianaise ann go bhféadfaí grianghraif de leanaí a úsáid go míchuí. Mar sin, cloífidh duine ar bith a oibríonn ar son an Chomharchumann leis na treoirlínte seo a leanas.

  • Iarrfar cead ón bpríomhchúramóir/múinteoir/tuismitheoir agus ó na leanaí má táthar ag iarraidh grianghraif a ghlacadh. Más mian leis an gComharchumann grianghraf de leanbh ar bith a úsáid ar chúiseanna cur chun cinn nó poiblíochta, déanfaidh siad teagmháil le tuismitheoirí an linbh ar dtús agus gheobhaidh siad cead scríofa.
  • Ní ghlacfaidh duine ar bith a oibríonn ar son an Chomharchumann grianghraif de leanaí ar chúis ar bith seachas cúiseanna sainithe oifigiúla, gan cead sonrach ó thuismitheoir nó caomhnóir.
  • Ní luafar ainm linbh ar bith atá i ngrianghraf ar bith a úsáidfear le haghaidh cur chun cinn, gan cead sonrach bheith faighte ó thuismitheoirí/caomhnóirí.
  • Ní bhreithneofar ach íomhánna de leanaí ina bhfuil siad gléasta go hoiriúnach.
  • Caithfear úsáid mhíchuí íomhánna leanaí a thuairisciú don bainisteoir agus breathnófar air mar shárú Chód Cleachtais an Chomharchumann agus seans go mbeidh imeachtaí araíonachta agus coiriúla mar thoradh air

6. Ról an Teagmhálaí Ainmnithe

Is é Cathal Ó Gallchóir bainisteoir An Chomharchumann, Teagmhálaí Ainmnithe an Chomharchumainn, agus ba chóir teagmháil a dhéanamh leis siúd má tá fadhb agat nó buairt ar bith ort faoi ghné ar bith de shábháilteacht agus leas linbh nó duine óig i gcur i gcrích do dhualgas oibre. Tá sé mar fhreagracht ar an Teagmhálaí Ainmnithe chomh maith teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, nó leis an nGarda Síochána nuair is cuí. Tá Marina Nic Giolla Bhríde ceaptha mar Leas- Teagmhálaí Ainmnithe muna bhfuil Cathal Ó Gallchóir ar fáil.

7. Mí-Úsáid Leanaí a Aithint

Tarlaíonn mí-úsáid leanaí nuair a dhéanann iompraíocht duine a bhfuil níos mó cumhachta aige/aici ná an leanbh díobháil don leanbh. Ós rud é gur féidir leanaí a mhí-úsáid ar bhealaí éagsúla, ag an am céanna, uaireanta, ní bhíonn sé éasca í a chatagóiriú i gcónaí. Ach is féidir ceithre shainmhíniú leathana a bhreithniú, agus is féidir iad a achoimriú mar fhaillí, mí-úsáid mhothúchánach, mí-úsáid chorpartha agus mí-úsáid ghnéasach.

Tá sainmhínithe ar na ceithre chineál mí-úsáide agus ar an gcaoi le mí-úsáid a aithint san áireamh in Aguisíní 1 agus 2, rudaí atá bunaithe ar “Tús Áite do Leanaí – Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí”. Ach is minic go mbíonn sé deacair faillí nó mí-úsáid leanaí a aithint agus d’fhéadfadh go leor cineálacha éagsúla di a bheith i gceist. Níor chóir breathnú ar tháscaire amháin mar chomhartha dochloíte mí-úsáide. Seans go dtugann sé dálaí eile seachas mí-úsáid leanaí le fios. Caithfear gach comhartha agus airí a scrúdú i gcomhthéacs chás agus cúinsí teaghlaigh an linbh. B’ionann na samplaí seo a leanas agus cúis réasúnta bhuartha (tógtha ón Lámhleabhar Cleachtais um Chosaint agus Leas Leanaí, Rannán 2.2):

  • Gortú nó iompraíocht atá ag teacht le mí-úsáid, agus míniú neamhurchóideach nuair atá táscairí comhthacaíocha ann a thacaíonn leis an mbuairt go bhféadfadh cás mí-úsáide a bheith i gceist.
  • Comhartha comhsheasmhach ann ar feadh tamaill go bhfuil leanbh thíos le faillí mhothúchánach nó fhisiceach
  • Admháil nó comharthú mí-úsáide líomhnaithe ag duine éigin.
  • Leanbh ag tabhairt le fios go sonrach gur baineadh mí-úsáid as/aisti.
  • Cuntas ó dhuine a chonaic an leanbh á m(h)í-úsáid.
  • Fianaise amhail gortú nó iompraíocht atá ag teacht le mí-úsáid, agus nár dhócha gur tharla sé ar bhealach ar bith eile.

D’fhéadfadh an cumas mí-úsáid leanaí a aithint a bheith ag brath chomh mór ar thoilteanas duine glacadh leis an bhféidearthacht go bhfuil sí á déanamh is atá sé ar an eolas agus an fhaisnéis atá aige/aici. Is gnách go mbíonn trí chéim i gceist le mí-úsáid leanaí a aithint:

(a) an fhéidearthacht a bhreithniú,

(b) comharthaí mí-úsáide a lorg,

(c) eolas a thaifeadadh.

Féidearthacht mí-úsáide leanaí a aithne.

Ba chóir an fhéidearthacht go bhfuil mí-úsáid leanaí ar siúl a aithne má tá an chuma air gur gortaíodh leanbh go hamhrasta agus nach féidir é a mhíniú go réasúnta. Ba chóir í a aithne chomh maith má tá an chuma ar an leanbh go bhfuil sé/sí trína chéile gan fáth soiléir, nó má tá fadhbanna comhsheasmhacha nó nua iompraíochta aige/aici. Ba chóir an seans go bhfuil mí-úsáid ar siúl a bhreithniú chomh maith má bhíonn an leanbh á (h)iompar féin go haisteach nó go heaglach i leith tuismitheoirí/cúramóirí.

Comharthaí mí-úsáide a lorg

D’fhéadfadh comharthaí mí-úsáide fisiceacha, iompraíocha nó forbarthacha a bheith i gceist. D’fhéadfaidís a bheith sa chaidreamh idir leanaí agus tuismitheoirí/cúramóirí, idir leanaí agus daoine eile dá muintir/daoine eile agus i measc a bpiaraí. Is maith an seans gur comhartha níos mó ar mhí- úsáid é braisle nó pátrún comharthaí. D’fhéadfadh leanaí atá á mí-úsáid nod a thabhairt go bhfuil díobháil á déanamh dóibh agus nochtann siad eolas go díreach uaireanta. Ba chóir cásanna nochta a chreidiúint i gcónaí. Ní bhíonn an chuid is mó comharthaí mí-úsáide saintréitheach, agus caithfear iad a bhreithniú i gcomhthéacs sóisialta agus teaghlaigh an linbh. Bíonn sé tábhachtach a bheith toilteanach i gcónaí glacadh le míniúcháin eile ar chomharthaí fisiceacha nó iompraíocha mí-úsáide. Seans go mbeidh gá le measúnú speisialtóra, uaireanta, le deimhniú an ionann buarthaí ar leith agus mí-úsáid.

8. Mí-úsáid leanaí a nochtadh

Is mó an seans go mbeidh a fhios againn sa Chomharchumann faoi chás mí-úsáide má insíonn leanbh dúinn faoi. Bíonn teagmháil rialta ag fhoireann CFGD le páistí nó daoine óga sna scoileanna agus mar sin féin, tá sé riachtanach go bpléifeadh duine ar bith atá ag obair ar son an Chomharchumann leis seo go híogair agus go gairmiúil. Seo a leanas treoirlínte le tacú leis an oibrí leis seo:

  • Pléigh leis go socair, tabhair go leor ama don leanbh le ligean dó/di an méid is mian leis/léi a rá a chur in iúl
  • Éist go cúramach agus go haireach; glac go dáiríre leis an duine óg
  • Cuir an duine óg ar a s(h)uaimhneas trína rá leis/léi go bhfuil an gníomh ceart déanta aige/aici labhairt leat agus nach bhfuil an locht air/uirthi
  • Bíodh sé mar sprioc ‘rúndacht bhreathnaithe’ a chinntiú, is é sin, nuair a fheiceann finné go bhfuil tú ag labhairt leis an leanbh, ach nach bhfuil sibh le cloisteáil
  • Ná bí ag tabhairt breithiúnais
  • Ná geall go gcoinneoidh tú rud ar bith faoi rún; agus ná déan gealltanais ar bith eile
  • Cuir ceisteanna ar mhaithe le deimhniú amháin, agus ná cuir treoir cheisteanna.
  • Ná bí ag tuairimíocht agus ná déan talamh slán de rud ar bith.
  • Déan seiceáil arís leis an bpáiste/duine óg go bhfuil an méid a chuala tú ceart agus tuigthe ina f(h)ocail féin.
  • Ná cuir tuairimí ar bith in iúl faoin mí-úsáideoir líomhnaithe.
  • Déan an comhrá a thaifeadadh chomh luath agus is féidir, agus chomh mionsonraithe agus is féidir. Sínigh agus dátaigh an taifead
  • Cinntigh go dtuigeann an leanbh/an duine óg na nósanna imeachta a bheidh mar thoradh air seo
  • Bí macánta leis an leanbh faoin méid is féidir linn agus nach féidir linn a dhéanamh. Inis dó/di nach féidir linn rúin a choinneáil, agus abair leis/léi céard a tharlóidh ina dhiaidh sin
  • Ná tabhair aghaidh ar an duine a bhfuil líomhain déanta ina c(h)oinne
  • Cuir an t-eolas ar aghaidh chuig TA na scoile agus i gcás fhoireann CFGD, chuig TA CFGD, mar atá luaite thuas. Tá sé tábhachtach nach ndéanfadh foireann CFGD iarracht dul i ngleic leis an bhfadhb ina n-aonar
  • Ba chóir na bearta thuas go léir a dhéanamh gan mhoill mhíchuí, fad is nach gcuirtear as do chríochnúlacht an phróisis.

Má cheaptar go bhfuil mí-úsáid ar siúl nó má nochtar mí-úsáid is é an rud is tábhachtaí ná nach ndéanfá faic.

9. Freagracht mí-úsáid amhrasta nó iarbhír leanaí a thuairisciú

Duine ar bith a mheasann go raibh/go bhfuil mí-úsáid á baint as leanbh, nó go bhfuil sé/sí i mbaol mí-úsáide, tá sé de fhreagracht agus de dhualgas cúraim air/uirthi a b(h)uarthaí a thuairisciú don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, go díreach, nó tríd an Teagmhálaí Ainmnithe. Ba chóir buairt faoi bhaol féideartha duine ar leith do leanaí, fiú mura bhfuil na leanaí ar aithne, ba chóir í a chur in iúl don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chomh maith, go díreach, nó tríd an Teagmhálaí Ainmnithe.

Is iad na treoir phrionsabail maidir le mí-úsáid leanaí a thuairisciú ná gur gá go mbíonn sábháilteacht agus leas an linbh nó an duine óig mar thosaíocht. Caithfear gach leanbh a chosaint ar riosca gan ghá.

Tuairisceofar mí-úsáid amhrasta sa Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair láithreach don Teagmhálaithe Ainmnithe.

10. Nós imeachta tuairiscithe maidir le mí-úsáid leanaí

Tá nós imeachta caighdeánach tuairiscithe curtha i bhfeidhm ag an Chomharchumann le déileáil le nochtadh, buarthaí nó líomhaintí mí-úsáide leanaí. Caithfear tús áite a thabhairt do shábháilteacht agus leas an linbh. Is é an nós imeachta caighdeánach tuairiscithe atá ann le déileáil le nochtadh, buarthaí nó líomhaintí mí-úsáide leanaí ná an ceann sin atá leagtha amach in Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí.

1. Ba chóir d’aon bhall d’fhoireann CFGD, agus iad ag gníomhú í scoil, ar nochtadh mí-úsáid leanaí dó/di, nó a bhfuil buarthaí air/uirthi faoi mhí-úsáid, ba chóir dó/di seo a chur ar a shúile do Theagmhálaí Ainmnithe na Scoile láithreach.

2. Ba chóir don fhostaí (CFGD) ar nochtadh mí-úsáid leanaí dó/di, nó a bhfuil buarthaí air/uirthi faoi mhí-úsáid, ba chóir dó/di seo a chur ar a shúile don Teagmhálaí Ainmnithe an Chomharchumann láithreach.

3. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag na daoine go léir a bhíonn ag obair ar son an Chomharchumann nach bhfuil an duine a d’aimsigh an cás mí-úsáide líomhnaithe nó amhrasta ar dtús freagrach as cinneadh a dhéanamh ar cé acu ar tharla nó nár tharla mí-úsáid. Seo tasc don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus don Gharda Síochána. Níor chóir do bhall foirne ar bith de CFGD iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis an bhfadhb mhí- úsáide ina (h)aonar i gcás ar bith.

4. Beidh ar an bhfostaí sin de CFGD a chuir a b(h)uairt in iúl ar dtús tuairisc a dhéanamh, i gcomhairle leis an Teagmhálaí Ainmnithe cuí, agus é/í ag cur síos ar an gcás, lena n-áirítear an dáta, an t-am agus na daoine a bhí i gceist. Ba chóir go mbeadh fíricí sa tuairisc. Ba chóir tuairimí ar bith a lua amhlaidh, agus tacú leo le heolas fíorasach.

5. Déanfaidh an Teagmhálaí Ainmnithe athbhreithniú ar an eolas a cuireadh ar fáil le cinntiú gur bailíodh an t-eolas bainteach go léir. Déanfaidh sé/sí teagmháil leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chun comhairle neamhfhoirmiúil a fháil gan mhoill maidir leis an líomhain, buairt nó nochtadh, nuair is gá sin.

6. Beidh dhá rogha ag an Teagmhálaí Ainmnithe ansin:

(a) An líomhain, buairt nó nochtadh a thuairisciú go foirmiúil don Ghníomhaireacht um Leanaí agus Teaghlach nó

(b)Gan tuairisc fhoirmiúil a dhéanamh don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, ach taifid a choinneáil i gcomhad faoi na buarthaí. Déanfar taifead soiléir de na cúiseanna nár tuairiscíodh an líomhain, buairt nó nochtadh. Cuirfear an ball de CFGD a rinne an chéad tuairisc ar an eolas i scríbhinn mura bhfuil tuairisc fhoirmiúil á déanamh don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, agus tá cead aige/aici tuairisc fhoirmiúil a sheoladh é/í féin go díreach chuig an údarás bainteach, má mheasann sé/sí go bhfuil gá leis sin. Beidh forálacha an Achta um Chosaint do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998, i bhfeidhm.

Tá sé tábhachtach go mbíonn tuairiscí déanta don Ghíomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach gan mhoill.

7. I gcás go ndéantar tuairisc fhoirmiúil, is maith an seans go mbeidh an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach ag iarraidh labhairt leis an duine a rinne an tuairisc ar dtús chun fíricí agus cúinsí na tuairisce a shoiléiriú.

8. I gcás éigeandáil iar-ama, ba chóir tuairisciú go díreach don Gharda Síochána.

Agus tuairisc á déanamh ar mhí-úsáid amhrasta nó iarbhír leanaí, caithfidh an duine a chinntiú gurb iad sábháilteacht agus leas an duine óig an phríomhthosaíocht i gcónaí, agus nach bhfágtar duine óg ar bith i gcás nach bhfuil sábháilte ag am ar bith. Cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí an linbh ar an eolas faoin líomhain, buairt nó nochtadh eolais, ach amháin más dócha gur bhaol don leanbh é a leithéid a dhéanamh.

Caithfear freagra a thabhairt ar bhuairt nó amhras réasúnta ar bith faoi mhí-úsáid nó faillí. Má thugtar neamhaird ar na comharthaí nó mura ndéantar idirghabháil, d’fhéadfadh tuilleadh díobhála tarlú don leanbh. Má theipeann ar dhuine gníomhú, d’fhéadfaí é/í a chúiseamh go coiriúil faoi Alt 176 den Acht um Cheartas Coiriúil, 2006, rud a thug cúiseamh coiriúil isteach maidir le cur i mbaol meargánta leanaí.

Cásanna nach dtuairiscítear do FSS ná don Gharda Síochána

I gcásanna go gcinneann an TA gan buarthaí a thuairisciú don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach ná don Gharda Síochána, tabharfar ráiteas soiléir scríofa don fhostaí nó don oibrí deonach a chuir a b(h)uairt in iúl, agus é ag cur síos ar na fáthanna nach bhfuil a leithéid de ghníomh á dhéanamh ag an TA. Déarfar leis an bhfostaí/oibrí deonach go bhfuil cead aige/aici mar dhuine aonair dul i gcomhairle le, nó tuairisc a dhéanamh don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach nó don Gharda Síochána má tá sé/sí buartha faoin gcás go fóill. Bíonn forálacha an Achta um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998, i bhfeidhm tar éis dó/di cumarsáid a dhéanamh ‘go réasúnach agus de mheon macánta’.

Leanaí/daoine óga le Riachtanais Speisialta

Go nglacfar roimh leanaí/daoine óga ballraíocht a ghlacadh sa gclub/eagraíocht óige.

Beidh cruinniú idir na cinnirí, oifigeach forbartha agus tuismitheoirí/caomhnóirí chun a gcuid riachtanaisí a phlé sula gcláraíonn an leanbh/duine óg.

Beidh an ionad féilteach agus áiseanna cuí ar fáil dá chuid riachtanais.

Beidh na leanaí/daoine óga páirteach i ngníomhaíochtaí an chlub óige i gcomhluadar na leanaí/daoine óga eile ag brath ar ábaltachta/cumas.

Leanaí atá an-leochaileach

Nuair atáthar ag plé le leanaí atá an-leochaileach tá sé fíor thábhachtach a bheith mothálach leo agus an chumarsáid a bheith soiléir mar go mbraitheann siad ar dhaoine fásta le cúram agus láthair sábháilte a chuir ar fáil daofa níos mó na leanaí eile.

Ba chóir don fhoireann a bheith ar an eolas go bhfuil seans níos mó ann go ndéanfar tromaíocht nó foirmeacha eile mí-úsáide ar leanaí leochaileach.

Tá sé tábhachtach éisteacht go cúramach le leanaí leochaileach mar gheall go mbeadh deacracht acu a gcuid imní a chuir in iúl agus sa dóigh is na ndéanfaidh meas faoina chumas ar a raibh le rá acu.

Nochtadh Siarghabhálach

Ó am go ham nochtann leanaí agus déagóirí mí-úsáid a tharlaigh daofa ina hóige. Má nochtfar a leithid d’eolas d’aon bhall foirne de chuid CFGD, cuirfidh an ball foirne an teolas seo ar aghaidh chuig An Teagmhálaí Ainmnithe. D’fhéadfadh An Teagmhála Aimnithe dul i dteagmháil leis na údaráis cuí i dtaca leis an eolas a nochtadh.

11. Rúndacht

Ní ligfear do chúrsaí rúndachta ceart an linbh chun cosanta a shárú. Beidh leas an linbh mar phríomhthosaíocht. Ní sárú rúndachta ná cosanta sonraí é eolas a thabhairt a thacaíonn le cosaint linbh.

Mar sin, i gcás mí-úsáid leanaí, níor chóir d’fhostaí CFGD gealladh go gcoinneofar eolas ar bith a nochtadh faoi rún i gcás ar bith. Ba chóir a mhíniú don duine óg nach féidir an t-eolas seo a choinneáil faoi rún, ach nach nochtfar é ach do na daoine sin ar gá an t-eolas a bheith acu.

Tá sé riachtanach nuair a bhíonn cásanna mí-úsáide líomhnaithe/amhrasta ar bith á dtuairisciú go mbíonn prionsabal na rúndachta i bhfeidhm. Níor chóir an t-eolas a roinnt ach leis na daoine ar gá é a bheith ar eolas acu, agus ba chóir an líon seo daoine a choinneáil chomh híseal agus is féidir.

Ba chóir buarthaí faoi leanbh a thuairiscítear go hanaithnid a fhiosrú go hiomlán i gcomhréir le nósanna imeachta caighdeánacha FSS. Má rinneadh an tuairisc trí thríú páirtí, ba chóir iarraidh ar an duine atá mar idirghabhálaí teagmháil a éascú idir an duine bunaidh a thuairiscigh an bhuairt agus an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Ach mura mbíonn an teagmháil éascaithe, caithfear na buarthaí a tuairiscíodh tríd an tríú páirtí a thuairisciú don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Beidh taifid maidir le buarthaí faoi chosaint agus leas leanaí coinnithe go slán agus cothabháilte ag an Teagmhálaí Ainmnithe. Comhoibreoidh an Roinn leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach trí roinnt a dtaifead nuair a thagann ceist leas nó cosanta linbh aníos.

An tAcht um Chosaint Daoine a Thuairiscíonn Mí-Úsáid Leanaí, 1998

Cuireann an tAcht seo díolúine ó dhliteanas sibhialta agus ó phionós fostóra ar fáil do dhaoine a thuairiscíonn mí-úsáid leanaí ‘go réasúnach agus de mheon macánta’ do na hOifigigh Ainmnithe sa Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, nó don Gharda Síochána.

12. Nósanna Imeachta maidir le Líomhaintí in aghaidh Baill Foirne

Má dhéantar líomhain in aghaidh duine ar bith a oibríonn ar son an Chomharchumann nó má mheasann ball foirne de CFGD go bhfuil iompraíocht mhíchuí ar siúl ag ball foirne eile i dtreo linbh, nó go bhfuil sé/sí ag mí-úsáid linbh, is é cosaint an linbh/an duine óig an chéad tosaíocht agus an beart is tábhachtaí. Is é an chéad tosaíocht ná a chinntiú nach bhfuil leanbh ar bith nochta do riosca gan ghá. Ba chóir go ndéanfadh an Chomharchumann bearta cosanta riachtanacha ar bith mar bheart práinne. Ba chóir go mbeadh na bearta ar aon dul le leibhéal an riosca, agus níor chóir dóibh pionós míréasúnta a chur ar dhuine ar bith a bhfuil obair ar siúl aige/aici ar son an Chomharchumann, i bhfoirm airgeadais nó eile, ach amháin más gá sin chun leanaí a chosaint. I gcásanna go bhfuil pionós i gceist le bearta cosanta, tá sé tábhachtach go ndéanfar breithniú luath ar an gcás.

Má dhéantar gearán mí-úsáide faoi bhall foirne, beidh dhá shnáithe i gceist leis na nósanna imeachta.

Beidh tuairisciú na mí-úsáide leanaí mar an gcéanna le Rannán 11 thuas (Ball foirne de CFGD ^ Teagmhálaí Ainmnithe ^ an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach). Ach déanfar imscrúdú chomh maith ar an mí-úsáid líomhnaithe. Déanta na fírinne, d’fhéadfadh trí imscrúdú a bheith i gceist:

1. imscrúdú inmheánach ag an scoil nó ag an Chomharchumann de réir mar is bainteach

2. imscrúdú ag an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

3. agus imscrúdú féideartha coiriúil ag na Gardaí.

13. Nósanna imeachta molta le haghaidh daoine ar cuireadh ina leith gur sháraigh siad na treoirlínte

Má chuirtear mí-úsáid i do leith, moltar duit na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Déan nótaí de do chuid teagmhálacha/gníomhaíochtaí uilig leis an leanbh atá i gceist a luaithe is féidir.
  • Faigh comhairle ghairmiúil agus dlí.
  • Déan cinnte nach mbeidh aon teagmháil eile agat leis an leanbh atá i gceist.

14. Nósanna Imeachta maidir le Timpistí

Is é polasaí CFGD sa chás dá dtarlóidh timpiste nó tinneas le linn a dtréimhse sa chomharchumann; ná mar seo a leanas;

Moltar don leanbh/duine óg atá tinn gan freastal ar an scoil cheoil ar mhaith lena gcuid sláinte agus sábháilteacht féin, chomh maith lena leanaí/daoine óga eile agus foireann an chomharchumann ”

Beidh bosca garchabhrach san fhoirgnimh a bheas coirithe leis na fearais cuí chun déileáil nó gníomhú i gcás éigeandála. Déanfar scrúdúchán go rialta ar an mbosca garchabhrach.

  • Déileálfar leis an leanbh/duine óg go sciobtha agus déanfar cinnte go mbeidh sé/sí chomh compordach agus is féidir.
  • Aon garchabhair gurbh féidir a chur ar an leanbh/duine óg (ie. i gcás tachta, cnámha briste srl).
  • Glaoch ar an dochtúir (más gá) nó comhairle a fháil.
  • Glaoch ar thuismitheoirí/caomhnóir.
  • Má bhíonn ar an leanbh/duine óg dul ag an dochtúir/ospidéal sula dtagann na tuismitheoirí/caomhnóir caithfidh cinnire dul agus fanacht leis/léi go dtagann a thuismitheoir/caomhnóir.
  • Ní mór don cheannaire comhad an leanbh/duine óg a thabhairt leis/léi agus foirm timpiste a líonadh isteach.
  • Má bhíonn galar tógálach ar an leanbh/duine óg (meiningítis/bruitíneach) caithfear tuismitheoir/caomhnóir gach uile leanbh/duine óg a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir.
  • Má thógfar cinneadh gan teagmháil a dhéanamh le tuismitheoir/caomhnóir láithreach ar bunús nach raibh an timpiste go dona, déanfar an foirm timpiste a líonadh isteach go cruinn agus cuirfear na tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas agus iarrfar orthu an foirm a shíniú.
  • Má bhíonn aire dochtúra/ospidéil ag teastáil ó leanbh/duine óg tar éis gortaithe sa gclub/eagraíocht cuirfear in iúl an tuairisc do oifigeach forbartha CFGD chomh luath agus is féidir.
  • Más tine a bhíonn san ionad leanfar Polasaí Dóiteán.

15. Nósanna Imeachta maidir le Gearáin

Is é polasaí CFGD maidir le gearáin ná go mbeidh fáilte i gcónaí roimh aon mholtaí, tuairimí óna leanaí/daoine óga nó a gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí maidir leis an tseirbhís atá a chuir ar fáil againn. Déanfar déileáil le aon chás ghearáin ar bhealach oscailte de réir na céimeanna seo a leanas;

  • Ba chóir aon ghearán a chuir in iúl do phríomh cheannaire an scoil cheoil ag am a bheas feilteach do na páirtithe i gceist.
  • Ní mór an gearán a mhíniú, ag tabhairt gach uile eolas/sonraí maidir leis an ngearán atá i gceist.
  • Déanfar gach uile iarracht an gearán a réiteach chomh discréideach agus chomh ionraic agus is féidir.
  • Is seacht lá an tréimhse a bheas i gceist le teacht ar réiteach.
  • Mura bhfuil réiteach ar an gcás taobh istigh den tréimhse sin, ní mór don ghearánaí an gearán foirmeálta a chuir i scríbhinn, cóip a thabhairt don cheannaire agus cóip a thabhairt do Oifigeach Forbartha CFGD.
  • Muna mbeidh réiteach ar an gearán taobh istigh do seacht lá, beidh cruinniú idir an gearánaí, an ceannaire agus Oifigeach Forbartha CFGD. Dhéanfar an gearán a phlé go mion agus dhéanfar iarracht theacht ar réiteach sásúil agus réasúnach.
  • Muna mbeidh an gearánaí fós sásta leis an toradh is féidir leo iarratas a dhéanamh chuig CFGD leis an chead chéim eile ina mbeidh painéal neamhspleách to thriúr i gceist chomh maith le go mbeidh an t-Oifigeach Forbartha ar dhuine den phainéal sin.
  • Tiocfaidh an painéal ar chinneadh tar éis an t-ábhar ar fad a ciaradh agus déanfaidh siad moltaí dá réir.
  • Cuirfear an phainéal na páirtithe éagsúla ar an eolas maidir leis na moltaí.
  • Más gearán a dhéantar faoi cheannaire an scoil leanfar do na céimeanna atá luaite thuas ach go gcuirtear an gearán i iúl d’oifigeach forbartha CFGD, caithfear an ceannaire a chur ar an eolas go bhfuil gearán déanta faoi agus na sonraí ar fad a thabhairt dó/dí.
  • Dhéanfar cuntas cruinn scríofa de na cruinnithe go léir, coinneofar ar chód iad.
  • Más gearán Chosaint Leanaí atá i gceist leanfar céimeanna Polasaí Chosaint Leanaí.
  • Déileáiltear le gach rud a bhaineann le gearáin/moltaí go rúnda.

16. Nósanna Imeachta maidir le hEarcú agus Roghnú Foirne

Earcú agus Roghnú Foirne :

Dhéanfaidh CFGD cinnte go cloífear leis na nósanna imeachta atá leagtha síos maidir le hearcú agus roghnú foirne a chinntíonn chomh fada agus is féidir, sábháilteacht agus cosaint leanaí agus daoine óga.

Ba chóir gach ball foirne a bhfuil nó a mbeidh baint acu le leanaí agus daoine óga a earcú ar bhealach a chloíonn leis na nósanna imeachta seo agus a chuireann an bhaint a bheidh acu le leanaí agus daoine óga san áireamh.

Cinnteoimid go roghnófar baill foirne go cúramach, agus go gcuirtear oiliúint oiriúnach orthu agus go ndéanfar feitheoireacht chuí orthu, d’fhonn timpeallacht shábháilte a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a bhíonn ag freastal ar scoileanna an Chomharchumainn. Chuige sin, leanamid de na prionsabail seo a leanas:

Cinnteofar rólanna agus freagrachtaí ar bhealach soiléir do gach post (cé acu íoctha nó deonach).

Scaipfear fógraí faoi phoist go forleathan.

Beidh sé luaite ar gach fógra poist go bhfuil ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána éigeantach Déanfaimid ár ndícheall daoine a bhfuil na cailíochtaí is oiriúnaí acu a roghnú.

Beidh ar iarrthóirí foirm iarratais a líonadh.

Beidh gá le dhá thuairisc mholta i bhfoirm scríbhinne. Tuairiscí a scríobhadh gar d’am an iarratais a bheidh iontu, bainfidh siad le hábhar, agus cinnteofar iad ó bhéal trí theagmháil a dhéanamh leis na húdair.

Roghnóidh painéal de bheirt ionadaithe ar a laghad (nó níos mó) trí mheán agallaimh an fostaí.

Ní fhostófar aon duine a meastar faoi/fúithi go bhféadfadh baol a bheith i gceist leo dá mbeidís ag obair le leanaí/daoine óga.

Ar na cúiseanna a bhféadfaí duine a chur as an áireamh tá:

  • Aon chiontaithe a bhaineann le leanaí.
  • Diúltú an fhoirm iarratais nó an fhoirm dhearbhaithe a shíniú.
  • Gan dóthain fianaise scríofa a chur ar fáil d’fhonn ionannas nó aitheantas a chinntiú.
  • Cur i bhfolach faisnéise a bhaineann le hoiriúnacht an iarrthóra a bheith ag obair le leanaí.

Beidh ar gach ball foirne (cé acu íoctha nó deonach) foirm aitheantas infhíoraithe m.sh cárta aitheantas ón Garda Síochána, ceadúnas tiomána nó pas a chuir ar fáil.

Beidh ar gach ball foirne foirm ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a líonadh isteach agus a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig an Chomharchumann áit a pléifear leis go rúnda.

Bainistiú agus Stiúradh Foirne

Má táthar le bainistíocht foirne a chur i gcrích ar bhealach freagrach, caithfear nósanna imeachta a chur i bhfeidhm a chlúdóidh oiliúint, induchtú, feitheoireacht agus athbhreithniú ar chleachtais oibre.

Ba cheart do bhaill nua foirne oiliúint induchtaithe a fháil agus ba cheart go gcuirfí ar an eolas iad faoi bheartais agus nósanna imeachta.

Ba chóir go n-aontódh oibrithe go gcloífidís le Ráiteas na heagraíochta um Chosaint Leanaí.

Seo a leanas iad na prionsabail a leantar san eagraíocht, d’fhonn an fhoireann (idir íoctha agus deonach) agus leanaí/daoine óga a chosaint.

Dualgais a bhaineann le baill nua foirne:

• Páirt a thógáil i seisiún induchtaithe oiliúna a bheidh riachtanach;

• Bheith ar an eolas faoi chód iompair na heagraíochta, nósanna imeachta i dtaobh chosaint leanaí, agus faoi ainm agus ról an té atá ceaptha chun déileáil le ceisteanna i gcásanna ar leith;

• Tréimhse thrialach nó phromhaidh a chur isteach.

Maidir leis an bhfoireann:

• Déanfar feitheoireacht chuí orthu féin agus athbhreithniú oiriúnach ar a gcuid cleachtas oibre.

• Beidh orthu an Ráiteas i dTaobh an Bheartais um Chosaint Leanaí a bheith léite agus sínithe acu.

• Cuirfear oiliúint maidir le cosaint leanaí ar fáil dóibh.

Aguisín 1:

Mí-Úsáid Leanaí a Shainmhíniú agus a Aithint (Tús Áite do Leanaí; Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2011)

Cineálacha mí-úsáide leanaí

Is féidir mí-úsáid leanaí a chatagóiriú i gceithre chineál éagsúla: faillí, mí-úsáid mhothúchánach, mí- úsáid chorpartha agus mí-úsáid ghnéasach. D’fhéadfadh breis is cineál amháin mí-úsáide a bheith á baint as leanbh ag aon am amháin. Tá tuilleadh sonraí ar gach cineál mí-úsáide tugtha in Aguisín 2. Sa doiciméad Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, is ionann ‘leanbh’ agus duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, gan duine atá, nó a bhí pósta san áireamh.

‘Faillí’ a shainmhíniú

Is féidir faillí a shainmhíniú mar neamhghníomh, is é sin, nuair a dhéantar díobháil nó lagú suntasach d’fhorbairt an linbh trí bhia, éadaí, téamh, sláinteachas, spreagadh intleachta, maoirseacht agus sábháilteacht, ceangal le agus cion ó dhaoine fásta, agus/nó cúram leighis a choinneáil uaidh/uaithi. Is féidir cur síos ar dhíobháil mar dhrochíde do, nó lagú sláinte nó forbairt linbh. Bíonn a suntas faoi réir shláinte agus forbairt an linbh, i gcomparáid leis an gcaoi a mbeadh leanbh eile den aois chéanna.

Is gnách go mbíonn faillí tugtha faoi deara ar bhealaí éagsúla thar thréimhse ama seachas pointe ama ar leith. Mar shampla, b’fhéidir nach bhfuiltear ag freastal ar riachtanais linbh a gortaíodh go measartha ag uaireanta éagsúla as a chéile ó thaobh maoirseacht agus sábháilteacht riachtanach de. Seans nach bhfuil cothú imleor á thabhairt do leanbh a bhfuil a (h)airde nó a m(h)eáchan i bhfad faoi bhun an mheáin. Seans nach bhfuil spreagadh intleachta á fháil ag leanbh a bhíonn as láthair ó scoil go comhsheasmhach.

Baintear tairseach díobhála suntasaíamach nuair a dhéantar faillí i riachtanais linbh an oiread sin go bhfuil tionchar trom á imirt ar a leas agus/nó a f(h)orbairt.

Sainmhíniú ar ‘mhí-úsáid mhothúchánach’

Is gnách go mbíonn mí-úsáid mhothúchánach i gceist sa chaidreamh idir tuismitheoir/cúramóir agus leanbh seachas eachtra nó pátrún eachtraí ar leith. Tarlaíonn sí nuair nach bhfreastalaítear ar riachtanas forbarthach ceana, formheasa, comhsheasmhachta agus slándála linbh. Ach amháin sa chás go bhfuil cineálacha eile mí-úsáide ar siúl, is annamh go mbíonn sí le tabhairt faoi deara mar chomharthaí nó airíonna fisiceacha. Ar na samplaí a d’fhéadfadh a bheith ann, tá:

(i) comharthaí sóirt diúltacha á dtabhairt ar leanbh, agus sin á dhéanamh trí cháineadh, géarchaint, naimhdeas nó lochtú leanúnach;

(ii) tuistiú coinníollach, nuair a bhíonn an oiread cúraim a thugtar don leanbh ag brath ar a (h)iompraíocht nó a g(h)níomhartha;

(iii) tuismitheoir/cúramóir nach bhfuil ar fáil go mothúchánach don leanbh;

(iv) neamhfhreagúlacht an tuismitheora/an chúramóra agus/nó ionchais neamhréireacha nó mhíchuí i leith an linbh;

(v) leagan freagrachta ar an leanbh go róluath;

(vi) ionchais neamhréalaíocha nó mhíchuí maidir le cumas an linbh rud a thuiscint, nó é/í féin a iompar agus a rialú ar bhealach áirithe;

(vii) gannchosaint nó róchosaint an linbh;

(viii) teip suim a léiriú i, nó deiseanna atá oiriúnach dá (h)aois a chur ar fáil le haghaidh forbairt chognaíoch agus mhothúchánach an linbh;

(ix) bearta araíonachta míréasúnta nó ródhian á ndéanamh;

(x) nochtadh d’fhoréigean baile;

(xi) nochtadh d’ábhar míchuí nó mí-úsáideach trí theicneolaíocht nua.

D’fhéadfadh mí-úsáid mhothúchánach a bheith le tabhairt faoi deara i bhfeidhmiú iompraíochta, cognaíoch, mothachtálach nó fisiceach an linbh. Samplaí díobh seo ná ceangal neamhshlán, míshonas, lagmheas air/uirthi féin, tearcghnóthachtáil oideachais agus forbartha, agus iompraíocht fhreasúrach. Baintear amach tairseach na díobhála suntasaínuair a bhíonn idirghníomhuithe mí- úsáideacha i gceist go príomha, agus go mbíonn siad mar ghnáthdhálaí an chaidrimh idir an leanbh agus an tuismitheoir/cúramóir.

Mí-úsáid chorpartha’ a shainmhíniú

‘Is ionann mí-úsáid chorpartha linbh agus cás nuair a dhéantar díobháil fhisiceach iarbhír nó fhéideartha do leanbh trí idirghníomh, nó easpa idirghnímh, rud atá faoi smacht tuismitheora nó duine a bhfuil freagracht air/uirthi, cumhacht aige/aici, nó iontaoibh as/aisti go réasúnta. D’fhéadfadh teagmhas amháin nó teagmhais éagsúla a bheith i gceist.

D’fhéadfadh siad seo thíos a bheith i gceist le mí-úsáid chorpartha:

(i) pionós trom corpartha;

(ii) greadadh, leangadh, bualadh nó ciceáil;

(iii) brú, crith nó caitheamh;

(iv) liomóga nó greamanna fiacla á mbaint as duine, tachtadh nó tarraingt gruaige;

(v) sceimhliú le bagairtí;

(vi) breathnú ar fhoréigean;

(vii) neart iomarcach á úsáid le linn láimhseáil;

(viii) nimhiú d’aon ghnó;

(ix) múchadh;

(x) breoiteacht chumtha/spreagtha (Féach Aguisín 1 chun sonraíafháil);

(xi) riosca mór díobhála suntasaí do leanbh a cheadú nó a chruthú.

Sainmhíniú ar ‘mhí-úsáid ghnéasach’

Tarlaíonn mí-úsáid ghnéasach nuair a bhíonn leanbh á (h)úsáid ag duine eile dá s(h)ásamh nó spreagadh gnéasach féin, nó do dhaoine eile. Ar na samplaí de mhí-úsáid ghnéasach leanaí atá ann, tá:

(i) nochtadh na ngnéasorgán nó gníomh gnéasach ar bith a dhéantar d’aon ghnó i láthair an linbh.

(ii) leagan lámh ar nó muirniú corp linbh d’aon ghnó ag duine nó rud, ar mhaithe le spreagadh nó sásamh gnéasach.

(iii) lámhchartadh i láthair an linbh nó rannpháirtíocht an linbh i ngníomh lámhcharta.

(iv) Caidreamh collaí béil, faighne nó tóna leis an leanbh.

(v) dúshaothrú gnéasach linbh, rud a chuimsíonn gríosadh, spreagadh, tairiscint, tabhairt ar/ceadú do leanbh striapachas nó gníomhartha collaí eile a thairiscint nó páirt a ghlacadh iontu. Tarlaíonn dúshaothrú gnéasach chomh maith nuair a bhíonn leanbh páirteach i dtaispeáint, mainicíneacht nó geáitsíocht ar mhaithe le spreagadh nó sásamh gnéasach, nó gníomh gnéasach, lena n-áirítear taifeadadh (ar scannán, físthéip nó meáin eile), nó iomramháil na híomhá chun na gcríoch sin ar ríomhaire nó trí mhodh eile. Seans go mbeadh ábhar gáirsiúil á léiriú do leanaí chomh maith, agus is minic gur gné é seo den mhealltóireacht a bhíonn ar siúl ag lucht mí-úsáide leanaí;

(vi) gníomhaíocht ghnéasach chomhthoiliúil idir duine fásta agus duine faoi aois. Maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, ba chóir do dhuine a thabhairt dá (h)aire, chun críocha an dlí choiriúil, gurb í an aois toilithe i leith caidreamh collaí ná 17 mbliana i gcás buachaillí agus cailíní. Socróidh an Garda Síochána gnéithe coiriúla an cháis faoin reachtaíocht bhainteach.

Ba chóir do dhuine a thabhairt dá (h)aire nach sainmhíniú dlí é an sainmhíniú ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí atá curtha i láthair sa rannán seo, agus nach bhfuil sé beartaithe go mbeadh sé mar chur síos ar chion coiriúil ionsaithe ghnéasaigh.

(Féach Aguisín 2 thíos agus Aguisín 1 de Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí le haghaidh comharthaí agus airíonna breise mí-úsáide leanaí.)

Aguisín 2:

Comharthaí de Mhí-úsáid

Mí-úsáid fhisiciúil

Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid fhisiciúil nuair a bhaineann an méid seo a leanas leis an leanbh:

Tá dónna, greamanna, ballbhrúnna, cnámha briste nó súile dubha ag an leanbh agus gan aon mhíniú orthu.

Ballbhrúnna nó marcanna eile atá ag le feiceáil ar an leanbh tar éis dó/di a bheith as láthair ón scoil.

Tá an chuma ar an leanbh go bhfuil faitíos air/uirthi roimh a t(h)uismitheoirí/c(h)úramóirí agus bíonn sé ag gearán nó ag caoineadh nuair atá sé in am dul abhaile.

Cúlaíonn sé/sí go faiteach nuair a théann duine fásta i ngar dó/di nó tuairiscíonn sé/sí gortú a thug tuismitheoir nó cúramóir fásta eile dó/di.

Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid fhisiciúil nuair a dhéanann tuismitheoirí nó cúramóir fásta an méid seo a leanas:

Tugann míniú contrártha, gan mórán dealraimh ar ghorthú an linbh, nó sin ní thugann míniú ar bith.

Déanann cur síos ar an leanbh ar bhealach an-diúltach eile.

Baineann úsáid as smacht crua fisiciúil leis an leanbh.

Mí-úsáid Mhothúchánach

Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid mhothúchánach nuair a bhaineann an méid seo a leanas leis an leanbh:

Tá lagmheas aige/aici air/uirthi féin.

Déanann scéal mór de bhotúin.

Léiríonn iompar thar fóir, róghéilliúil nó rófhulangach.

Baineann forbairt mhoillithe fhisiciúil, intinne nó mhothúchánach dó/di.

Rinne iarracht lámh a chur ina b(h)ás féin.

Tuairiscíonn easpa ceangal leis an tuismitheoir.

Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid mhothúchánach nuair a dhéanann tuismitheoirí nó cúramóir fásta an méid seo a leanas:

Bíonn de shíor ag cur milleán ar an leanbh, ag déanamh beag is fiú dó/di nó ag sciolladh air/uirthi.

Is cuma leo faoin leanbh agus diúltaíonn siad tairiscintí de chúnamh le fadhb an linbh ar scoil.

Diúltaíonn siad an leanbh go hoscailte.

Mí-úsáid Ghnéis

Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid ghnéis nuair a bhaineann an méid seo a leanas leis an leanbh:

Tá siad róghrámhar agus léiríonn eolas gnéasúil a bhfuil siad ró-óg le fios a bheith acu air.

Cúlaíonn go hiompar níos óige, mar shampla, diúl na hordóige nó fliuchadh na leapa, nó tromluithe acu.

Deacracht acu ag siúl nó ag suí.

Diúltaíonn go tobann éadaí a athrú i gcomhair aclaíochta nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fisiciúla.

Éiríonn torrach nó tolgann galar véinéireach, go háirithe má tá siad faoi bhun ceithre bliana déag d’aois.

Imíonn ón mbaile, déanann iarracht iad féin a ghortú nó lámh a chur ina mbás féin, tógann ródháileog drugaí, tagann dúlagar orthu.

Tuairiscíonn mí-úsáid ghnéis ó thuismitheoir nó ó chúramóir fásta eile nó ó leanbh níos sine.

Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid ghnéis nuair a dhéanann tuismitheoirí nó cúramóir fásta an méid seo a leanas:

Tá níos cosantaí den leanbh ná mar is cóir, cuireann teorainn dhian ar theagmháil an linbh le leanaí eile, go háirithe leanaí den inscne eile.

Tá siad rúnmhar agus scoite ó dhaoine eile.

Déanann cur síos ar fhadhbanna pósta a bhaineann le comhlintí cumhachta teaghlaigh nó caidrimh ghnéis.

Faillí

Smaoinigh ar an bhféidearthacht d’fhaillí nuair a bhaineann an méid seo a leanas leis an leanbh:

Tá siad as láthair go minic ón scoil.

Níl siad ag fáil an cúram leighis nó fiaclóra a theastaíonn uathu, ná imdhíontaí, ná spéaclaí.

Bíonn siad salach go minic agus boladh bréan uathu.

Ní chaitheann siad éadaí atá sách te sa gheimhreadh.

Baineann mí-úsáid as alcól nó drugaí eile.

Deir siad nach bhfuil aon duine sa bhaile le haire a thabhairt dóibh.

Smaoinigh ar an bhféidearthacht d’fhaillí nuair a dhéanann tuismitheoirí nó cúramóir fásta an méid seo a leanas:

Tá an chuma orthu nach bhfuil aon suim acu sa leanbh.

Tá an chuma orthu go bhfuil siad fuarchúiseach nó i ndúlagar.

Iompraíonn siad iad féin ar bhealach neamhréasúnach nó aisteach.

Baineann siad mí-úsáid as alcól nó drugaí eile.

AGÚISÍN 3:

Bearta breise um Chosaint Leanaí

do

Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair sna Scoileanna

Tá na cleachtais agus nósanna imeachta atá leagtha amach sa doiciméad seo sa bhreis ar na bearta atá leagtha amach thuas i bPolasaí na Chomharchumann um Chosaint Leanaí.

Treoirlínte Ginearálta:

  • Tabharfar tús áite do leas agus sábháilteacht an linbh i gcónaí.
  • Cinnteoidh Foireann CFGD chomh maith is atá ar a gcumas; go mbíonn gach leanbh sábháilte agus go mbíonn eispéireas dearfach acu ar ár seirbhís oideachais.
  • Caithfear le gach duine óg le dínit agus meas.

‘Daoine Fásta Freagracha’ a Shainmhíniú

Chun críocha an doiciméid pholasaí seo, is ionann ‘daoine fásta freagracha’ agus múinteoirí, tuismitheoirí, caomhnóirí, nó cinnirí club a bhíonn in éineacht le grúpaí leanaí nó leanaí ar leith a bhíonn páirteach i ngníomhaíochtaí ar bith de chuid ‘Oidhreacht sna Scoileanna’ nó an Chomharchumann. Tá an phríomhfhreagracht ar na daoine fásta freagracha seo as leas agus iompraíocht gach linbh atá faoina gcúram, agus ar shínigh siad na foirmeacha clárúcháin cuí ar a son. Tá sé mar dhualgas ar na daoine fásta freagracha (m.sh. múinteoirí, tuismitheoirí, caomhnóirí, ceannairí) a bhíonn in éineacht le grúpaí leanaí nó leanaí aonair atá páirteach i ngníomhaíochtaí ar bith mar chuid d’obair an Chomharchumann, tá sé mar dhualgas orthu foireann CFGD a chur ar an eolas faoi riocht leighis nó eile rannpháirtí ar bith is gá a bheith ar eolas acu ar mhaithe le leas an linbh agus an ghrúpa.



AGUISÍN 4:

Líomhain in aghaidh ball foirne; Bearta Cosanta

Agus iad ag fanacht le toradh an imscrúdaithe, ba chóir go ndéanfadh an Chomharchumann pé bearta cosanta is gá le cinntiú nach mbíonn leanaí nochtadh do riosca doghlactha.

Ní bearta araíonachta iad na bearta cosanta seo, agus d’fhéadfadh na gníomhartha seo a leanas a bheith ina measc:

  • Leibhéal cuí maoirseachta a chur ar fáil;
  • Dualgais a athshannadh ionas nach mbeidh teagmháil ag an duine a bhfuil mí-úsáid curtha ina leith le leanaí/daoine óga;
  • An ball foirne a chur as dualgas agus é/í á (h)íoc.

Níor chóir an ball foirne a chur as dualgas ar feitheamh thoradh an imscrúdaithe ach i gcúinsí eisceachtúla. Ba chóir a mhíniú don bhall foirne atá i gceist gur beart réamhchúramach é an cinneadh é/í a chur as dualgas, agus nach smachtbhanna araíonachta é. Cuirfear tuairimí an bhaill foirne atá i gceist san áireamh agus na bearta cuí cosanta á gcinneadh.

Dearbhú ar an bPolasaí um Chosaint Leanaí agus an Cód Iompraíochta um Chosaint Leanaí

Ainm (bloclitreacha):

Dáta breithe:

Seoladh:

Uimhir ghutháin:

Suíomh oibre:

Teideal Oibre:

Fuair mé cóip de

Polasaí an Chomharchumann um Chosaint Leanaí

Tá na sonraí sa pholasaí agus sna cleachtais agus nósanna imeachta breise léite agam agus tuigim iad, agus toilím na treoirlínte ar nósanna imeachta agus cleachtais atá iontu a leanúint.

Sínithe: _______________________

Ainm bhall foirne de CFGD

Dáta: _______________

AGÚISÍN 5:

Foirm Dhearbhúcháin na Foirne

Dearbhú ar an bPolasaí um Chosaint Leanaí

Ainm (bloclitreacha): ____________________________________

Dáta breithe: ____________________________________

Seoladh: ____________________________________

____________________________________

Uimhir ghutháin: ____________________________________

Suíomh oibre: ____________________________________

Post: ____________________________________

Fuair mé cóip de

Polasaí an Chomharchumann um Chosaint Leanaí

Tá na sonraí sa pholasaí léite agam agus tuigim iad, agus toilím cloí leis na treoirlínte ar nósanna imeachta agus cleachtais atá ann.

Sínithe: ____________________________________Ainm an Fhostaí

Dáta: ____________________________________

AGUISÍN 6

Foirm Féindearbhúcháin (Baill Foirne Nua)

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

FOIRM FÉINDEARBHÚCHÁIN

Baineann rochtain shuntasach ar leanaí agus daoine óga leis an bpost. Tá CFGD tiomanta do leas agus do chosaint leanaí agus daoine óga agus, mar sin, ní mór dúinn iarraidh ort an méid eolais seo a leanas a dhearbhú dúinn. Beidh an t-eolas a chuirfidh tú ar fáil sa dearbhú seo go hiomlánfaoi rún.

CÉADAINM: ___________________ SLOINNE: _____________________

(Bloclitreacha)

AINM(NEACHA) AR BITH EILE FAOINA RAIBH AITHNE ORT ROIMHE SEO

(má bhaineann): ______________________________________________________________ (Bloclitreacha)

AR CIONTAÍODH TÚ AS COIR RIAMH?

CIONTAÍODH NÍOR CIONTAÍODH

AR TUGADH RABHADH DUIT RIAMH?

T

UGADH NÍOR TUGADH

AR CUIREADH FAOI BHANNAÍ TÚ RIAMH?

C

UIREADH NÍOR CUIREADH

Má bhain ceann ar bith de na ráitis thuas leat, sonraigh, le do thoil, an cineál coire/na cineálacha coireanna a bhí i gceist agus an dáta/na dátaí a bhain leis/leo:

Dáta na Coire An Cineál Coire

_______________ ____________________________________ _______________ ____________________________________ _______________ ____________________________________ _______________ ____________________________________ _______________ ____________________________________

TÁBHACHTACH

Ní mór duit an dearbhú seo thíos a shíniú agus dáta a chur air. Sa chás go dtairgfear post duit, beidh tú faoi réir Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána. Má nochtann Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána eolas ar bith a thagann salach ar an méid atá tugtha agat sa dearbhú seo, dífhostófar tú láithreach.

SÍNÍTHE: ____________________________ DÁTA: __________________

  • Facebook