Turasóireacht

Taraigí anseo …

Tá scoth na dtithe ósta agus na dtithe lóistín sa pharóiste agus Brú Óige úr an Earagail i nDún Lúiche.  Tagann na sluaite go Gaoth Dobhair ó cheann ceann na bliana chuig Loinneog Lúnasa, Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, Féile Chnoc Fola, Féile an Earagail i nDún Lúiche agus imeachtaí eile, agus le háilleacht agus saibhreas cultúrtha an cheantair Ghaeltachta seo ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a bhlaiseadh.

Ní bheidh tú díomhaoin anseo i nGaoth Dobhair…

Siúlóidí aoibhne cois trá nó ag bun na gcnoc…Tránna fairsinge glana…Lá don teaghlach in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche…Cúrsa gailf breá cois cladaigh i Machaire Gathlán…Caith lá ar Oileán Ghabhla ag spaisteoireacht agus ag amharc uait…Téigh go barr na hEaragaile go bhfeice tú áilleacht an cheantair….Blais scoith an bhia farraige i mbialanna bréatha na háite…Iascaireacht mhaith sna haibhneacha lonracha agus san fharraige ghlégheal….Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe agus Oileán Thoraigh sa chomharsanacht agat.

Ag taisteal go Gaoth Dobhair

Cé go bhfuil Goath Dobhair suite i gcoirneál thiar thuaidh na hÉireann, níl an ceantar chomh scaite agus a bhí san am a chuaigh thart.  Tagann eitleán de chuid Aer Lingus ó Bhaile Átha Cliath go hAerfort Dhún na nGall i gCarraig Fhinne (trasna an uisce ó Ghaoth Dobhair) dhá uair achan lá.  Tagann Loganair ó Ghlaschú trí lá sa tseachtain i rith an gheimhridh agus cúig lá sa tsamhradh.  Tagann busanna Mhic Fhionnaoile cúpla uair sa lá ón phríomhchathair go Gaoth Dobhair, bus Phádraig Uí Ghallchóir ó Bhéal Feirste agus busanna Feda Uí Dhomhnaill as Gaillimh.

 

 

  • Facebook