Bhí Éigse Uladh i nGaoth Dobhair ón 25 go dtí an 27 Feabhra, ag déanamh comóradh ar shaothar agus ar oidhreacht áitiúil Cholmcille.





Éigse Uladh ag ceiliúradh Colmcille 25-27 Feabhra 2022. Ag croílár an deireadh seachtaine bhí léiriú den dráma Ar Thóir m’Anama, atá ag plé go sonrach ar eachtraí ó am Cholmcille. Bhuail Molscéal le hAisteoirí Ghaoth Dobhair agus iad ag déanamh cleachtadh ar an dráma.


Dráma “ Ar Thóir m’Anama”
Beidh an dráma “Ar thóir m’anama” – aistriúchán ar an dráma “The Enemy Within “ le Brian Friel- a léiriú ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 25, 26 & 27 Feabhra mar
pháirt de Éigse Uladh. Tá Éigse Uladh ag déanamh Comóradh ar Cholmcille agus tá an dráma seo ag plé le eachtraí i saol Cholmcille agus é ar deoraíocht ar Oileán Í.
Is é Pól Mac Cumhaill an léiritheoir agus tá sé ag fail tacaíocht ó aoi léiritheoir, sé sin an scríbhneoir, drámadóir agus léiritheoir cáiliúil Michael Harding. Tá foireann aisteoireachta láidir ann –le meascán de aisteoirí le taithí fhada agus aisteoirí óga. Sé an foireann aisteoireachta nó – Sean Ó Maolagáin, Pól ó Searcaigh, Bernard Ó Duibheannaigh, Aodán Ó Cearbhaill, Ciarán Ó Gallchóir, Sean Ó Gallchóir, Aodh Mac Eachmharcaigh, Cathal Ó Gallchóir, Dónal Ó Cnáimhsí agus Conor Ó Gallchóir.

Éigse Uladh 25 go dtí an 27 Feabhra 2022.
Colmcille is ábhar don dráma Ar thóir m’Anama in Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh trí oíche na féile. Seo leagan Gaeilge de dhráma Brian Friel The Enemy Within. Rinneadh an dráma Gaeilge ar dtús sna 1970dí ina raibh Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag barr a réime Tá sé á athnuachan in Amharclann athchóirithe Ghaoth Dobhair do Cholmcille 1500.
Beidh léachtaí na hÉigse i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann, ar an tSatharn, léacht le hAilbhe Nic Giolla Chomhaill ar Cholmcille sa traidisiún béil, agus ceann le Colm Ó Cuaig ar Mhánus Ó Dónall agus a mhórshaothar Beatha Cholm Cille ó 1532.
I measc na n-imeachtaí eile, beidh turas bus ar láithreacha stairiúla san iarthuaisceart ar an tSatharn, agus an Dr Seosamh Ó Ceallaigh mar threoraí, turas go Toraigh ar an Domhnach agus siúlóid treoraithe ansin. Beidh Aifreann na hÉigse á craoladh ar Raidió na Gaeltachta, agus cuirfear críoch ar an Éigse ag 5 i.n. tráthnóna Dé Domhnaigh le seirbhís éacúiméineach ar an Domhnach in Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh.
Is féidir ticéid do Ar thóir m’Anama a cheannach ag Amharclann Ghaoth Dobhair.







