Amhráin/Songs

Cumha an Oileáin (Céad slán leis an oileán) – An Crann Óg
Cumhaidh an Oileáin: 
cumtha ag Tomás 'ac Giolla Bhrighde (Tom a'Bhungalow). 

Céad slán leis an oileán Inar chaith mé mo shaol 
Céad slán leis na beannaí, an cnoc is an sliabh 
céad slán leis na poirt, Port a' Chruinn is Port Mór 
Céad slán leat, a Ghabhla, céad slán leat go buan. 

I mo bhrídeog a chuaigh mé, go dtí an baile thiar 
Le Dónall mo chéile Ba sheascair a bhíos 
De chlann bronnadh orainn,triúr mac agus iníon 
Is ba mhinice gaire ná gruaim i mo shaol. 

Ag Carraig an Aifrinn, tráthnóna Déardaoin 
Do ghuigh mé chuig Mhuire,an doineann a chloí 
Ach mo chéile 's mo chlann mac do ghoid an mhuir uaim 
Agus faire gan corp a bhí againn Dé Luain 

Tá Maire, mo iníon amuigh ar tír mhór 
Is aici a rachadh le ualach mo bhróin 
Ach m'anam 's mo chroí ní fhágfaidh go deo 
An teach beag a thóg Dónall, mo chéile fadó 

Céad slán leis an oileán Inar chaith mé mo shaol 
Céad slán leis na beannaí, an cnoc is an sliabh 
céad slán leis na poirt, Port a' Chruinn is Port Mór 
Céad slán leat, a Ghabhla, céad slán leat go buan. 
An Crann Óg ag ceol Bó na Leath adhairce ag Loinneog Lúnasa 2018
Bó na Leath adhairce

Bó, bó, bó na leath adhairce
Bó, bó, sí an tseana chaor adharcach
Bó, bó, bó na leath adhairce
Bó dhruimfhionn dhearg ná feadar cá bhfaighead’ í

Thíos cois na toinne ‘sea beathaíodh mo chaora
Ag Diarmuid Ó Dioláin ó Bharra na hAoine
Mac dearthár athair dom a chuir le faill í
Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire.

B’fhearr liom ná scilling go bhéicfinn mo chaora
‘Teacht go dtí an doras ar maidin nó ‘stóiche
Thálfadh sí bainne orm, bheathódh sí uan dom
Chuirfeadh sí ‘jacketeen’ deas ar mo ghualainn.

Chonacthas beirithe í, chonaic a roinnt í
Chuireas-sa dúil intí ach blúire ní bhfaighinn di
ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
ó nár dheas í an tseana chaor adharcach.

Dá mbeinnse i rachmas, i ngradam is in oidhreacht
Thabharfainnse giní ar chúpla sladhas di
Ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
Ó nár dheas í an tseana chaor adharcach.
Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair – Altan
Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair

Céad slán ag sléibhte maorga
Chondae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd
Ina stua os cionn caor 's call
Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich
Go ciún 'sa ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
Is beag nár bhris mo chroí

Ag taisteal domh amach fríd chnoic Ghleann Domhain
'S an Mhucais ar mo chúl
Ní miste domh 'ra le brón 's le crá
Gur fhreasach a shil mise súil
Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall
I bhfad thar an fharraige mhór
D'fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall
'S ag Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair

Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh
Ó m' thír bheag dhílis féin
Ach trom lámh Gall, le cluain
'S le feall, a thiomáin mé i gnéill
B'é rún mo chroí-se pilleadh arís
Nuair a dhéanfainn beagán stór
'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil
Fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair

Slán, slán go fóill a Dhún na nGall
A chondae shéimh gan smál
'S dod gheara breá in am an ghá
Nár umhlaigh riamh roimh Ghall
Tá áit i mo chroí do gach fear 's gach mnaoi
'S gach páiste beag agus mór
Áta beo go buan, gan bhuairt, gan ghruaim
Fá Ghleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
An Crann Úll – An Crann Óg
Crann Úll

Tá crann úll i gcoirnéal an ghairdín
Is suífimid síos nó go gcuire muid an fál air
Ar eagla go dtitfeadh an bunadh óg i ngrá leis

Nuair a bhogfhas tusa
Bogfaidh mise
Is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó 

B’fhearr liom an gabha ’tá ag obair sa cheartán
Ag bualadh an t-ord go luachmhar is go láidir
A shaothródh an scilling is d’ólfadh ’dtigh an tábhairne é

B’fhearr liom an feirmeoir ag seoladh amach go haerach
Maidin dheas san earrach, le seisreach is péire
Ag cromadh ar an obair ’s ag tiontú an chréafóg

B’fhearr liom an t-iascaire amuigh ina bháidín
Ag cur a chuid eangach ’s ag breith ar na bradáin
Ag troid leis na tonnta ó oíche go maidin
Ansacht na n-ansacht – An Crann Óg ag ceol ag Loinneog Lúnasa 2018

Ansacht na n-ansacht

A mh’ansacht na n-ansacht

A dtug mé m’ansacht go léir duit

Nach cuimhin leat mo mhealladh

Is rinne tú’n fheall orm na dhiaidh sin

Anois atá mé folamh

Is go bhfuil m’intinn lán bhuartha

‘S mé ag amharc ar mo leannán

Ag fear eile á bréagadh

Éireoidh mé ar maidin

Le theacht dheirg na gréine

Agus fuígfidh mé mo bheannacht

Ag cailíní an tsaoil seo

Bhéarfaidh mé an ruaig sin

Thart suas fá Loch Éirne

‘S ní fhillfidh mé ‘na bhaile

Go gcanfaidh ‘n chuach ann gach réigiún

Mar bhláth bán na nóiníní

Bhíos a’ fás i dtús a’ tSamhraidh

Nó mar fhaoileán dheas bhán

A bhíos a’ snámh ar na méilte

Mar ghrian os cionn na dtuillte

‘Sí dealramh thart timpeall

‘S nach siúd mar bhíos mo ghrása

A’ déanamh rámhaillí i m’intinn

Ceiliúradh na nÓg 2021 a d’eagraigh Tuismitheoirí na Gaeltachta. Brianna Whoriskey as Scoil na Crannóige ag ceol ‘An Cailín Rua’ in Amharclann Ghaoth Dobhair.
Ceiliúradh na nÓg 2021 a d’eagraigh Tuismitheoirí na Gaeltachta. Brian Mac Aodh as Scoil na Crannóige ag ceol ‘Thíos Cois na trá domh’ in Amharclann Ghaoth Dobhair.
  • Facebook