Lá Foscailte sa Chrannóg

Mar pháirt de Goitse go Gaoth Dobhair. Comhartha Beidh lá foscailte anseo sa Chrannóg i Srath na Corcra ar an Aoine 27 Meitheamh.

Deis ag an Phobal theacht isteach agus buaileadh leis na h-eagrais uilig atá lonnaithe san ionad.

 

Goitse go Gaoth Dobhair

Mar pháirt de

Goiste go Gaoth Dobhair

beidh

Margadh Ceirde agus Bia

sa Chrannóg, Srath na Corcra

ar an

Aoine 27 Meitheamh

Má tá suim ag duine ar bith tabla a chuir in áirithe cur scáirt orainn ag 074 95 32208

An Solas Dearg i gCaisleán Uidhilín.

IMG_1511Chuir Aisteoirí Ghaoth Dobhair an léiriú den dráma An Solas Dearg ar an ardán i nDún Éigse i gCaisleáin Uidhilín, Có an Dún ar an Satharn seo caite an 17 Bealtaine. Bhí an dráma a léiriú mar pháirt de Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill a bhí a reachtail ag Glór Uachtar Tíre ata ag déanamh cuid mhór oibre ag cothú an Ghaeilge sa pháirt sin de chontae an Dúin. Chuir  bainisteoir Ghlór Uachtar Tíre Emer Ó Hagan agus an lucht eagruithe go léir fáilte mhór roimh na h-aisteoirí agus chuaigh an dráma síos go maith.Bhí córas aistriúchán comhuaineach ar fáil do té nach raibh a gcuid Gaeilge ar an chuid is láidre agus scoth obair déanta ar an aistriúchán ag Eoin Malcolm. Sa phictiúr tá foireann an drámaí ag glacadh cúpla deoch a bhí tuilte go mór acu i ndiaidh an léiriú agus ina gcuideachta tá Emer Ó Hagan ar dheis agus Tony, bainisteoir Dhún Éigse ar chlé. Tá muid ag súil go mór le pilleadh go Caisleán Uidhilín

  • Facebook