Beidh cruinniú eolas i gclubtheach C.L.G i Machaire Gathlán anocht ag an 8.00 ag Feachtas Baile Slachtmhar Ghaoth Dobhair. Beidh cuir i láthair ó Olivia Crossan ón Taisce maidir le scéim na “gCostaí Glas” (Green Coast Award) agus dhéanfaidh Columba Boyce ó choiste Bhaile Slachtmhar Charraig Airt cuir i láthair maidir le taithí s’acu ar chomórtas na mBailte Slachtmhar. Tá duais na Gaeltachta buaite ag Carraig Airt cúpla uair i gcomórtas na mBailte Slachtmhar.
Lá Teaghlaigh lé Santa
SVDP
Cruinniú
Gradam an Oireachtais
Ba mhaith leis an Choiste, agus foireann Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair comhghairdeas a dhéanamh le Cathaoirleach an Chomharchumainn, Maire Mhic Niallais, ar bronnadh Gradam an Oireachtais uirthi ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn ar an seachtain seo caite. Níl dabht ar bith nó gur aitheantas é seo do na blianta fada atá caite ag Máire ag obair go deonach ar shon an phobail agus ar shon na Gaeilge go h-áitiúil agus go náisiúnta. Comhghairdeas a Mháire, tá seo tuilte agat!