Oíche/Lá Chultúir
Mar pháirt de “Lá cultúrtha sa Ghaeltacht”, beidh Lá Foscailte ins an tseomra staire sa Chrannóg an Aoine seo an 21ú Meán Fómhair ón 11.00r.n. ar aghaidh. Beidh taispeántas don físeán “Anás & Anró – gnéithe de Stair Ghaoth Dobhair” ag an 3.00i.n. Beidh ranganna scéalaíochta do pháistí ann ar 4.30i.n. (ní ag a 5.00i.n. mar atá sa chlár)
Ní bheidh leacht staire le Noel Ó Gallchóir ann mar atá fógraithe sa chlár do “Oíche Chultúir” ach ag coinneáil le spiorad an deireadh seachtaine seo bheirfidh an that. Seán Ó Gallchóir caint ar stáir agus buach phointí an C.L.G I nDún na nGall ag 8.00i.n. sa Chrannóg. Ar an droch uair ní bheidh an oíche áirneail agus ceoil a bhí fógraithe do Theach Mhuiris ag tarlú.