Loinneog Lúnasa 2012 ag teacht go luath

Beidh ceann de mór féilte ceoil Ghaoth Dobhair ag tarlú idir 10-12 Lúnasa, Loinneog Lúnasa. Féile Cheoil agus Chultúr mór le rá atá ann agus tagann daoine as chuile cheantar sa tír le freastal ar. Is cinnte go mbeidh slua mór ann i bliana leis an ceol agus an cultúr ghaelach a bhlaiseadh.

I measc na h-imeachtaí a bheas ar siúil beidh Damhsaí Céilí agus Seit do aon duine aclaí gur mhaith leo na brógaí damhsa a thabhairt amach. Má tá fonn ort rud éigin níos suaimhní a dhéanamh beidh Siúlóid Dúlra ann ag taispeaint na gnéithe is áille de ceantar Ghaoth Dobhair. Má tá spéis agat beagánín foghlaim a dhéanamh beidh Ceardlanna Ceoil, Damhsa agus Filíochta ar bun chomh maith. Gheobhaidh muintir na h-áite agus cuairteóirí deis roinnt siopadóireacht a dhéanamh ag an Margadh Bia agus Ceardaíochta. Má tá spéis agat sa seoltóireacht ná chaill an Taispeántas Curach ar a bheas slua mór i láthair.

I measc na buaicphointí thar na deireadh seachtaine beidh Altan ag ceol san Ionad Cois Locha, Dún Lúiche ar an Aoine 10 Lúnasa, Steve Cooney ar an Satharn 11 Lúnasa san áit céanna agus ar an Domhnach 12 Lúnasa beidh An Crann Óg ag bualadh ceol i dTeach Leo, Mín na Leice.

I measc na ceardlainne a bheas ar siúil beidh Hip-hop agus damhsa ar an tsean-nós le Tura Arutura sa Chrannóg ar an 11 Lúnasa. Beidh ceardlann Giotár agus Píobaí Uilleann sa Chrannóg ar an lá céanna, 11 Lúnasa. Beidh Damhsaí Seit ar siúil i dTeach Jack thar na deireadh seachtaine ar fad.

Le breis eolas a fháil is féidir imeacht chuig www.loinneoglunasa.com nó teagmháil a dhéanamh linn sa Chrannóg. Is féidir an leathanach Facebook a leanúint anseo chomh maith.

Tá Loinneog Lúnasa ag fáil tacaíocht ó Tionscnamh Lugh, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

CFGD ar an fón cliste anois!

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil crannog.ie ar fáil ar chuile mórbhranda de fón cliste anois. Tá an leagan seo den suíomh deartha go spéisialta don scaileán tadhaill beag. Oibrionn an suíomh móibíleach ar iPhone, Android, Blackberry, HP agus Windows Mobile (Nokia).

Anois is féidir fanacht suas chun dáta leis na scéalta is déanaí ó Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair is cuma cá bhfuil tú. Gheobhaidh tú na scéalta nuachta is déanaí a luaithe is atá siad ar fáil.

Chomh maith le seo rinne muid cinnte go bhfuil na gnéithe sóisialta céanna ar fáil. Is féidir na scéalta nuachta a roinnt ar do chuid cairde ar Facebook, Google+ nó Twitter trí an cnaipe cuí a roghnú ar barr na scéala. Ní amháin sin ach is féidir clárú don sruth RSS ar an fón cliste.

Is féidir an suíomh móibíleach seo a thriail trí an cód VR sa phictiúr a scanáil leis an fón cliste nó trí crannog.ie a iontráil sa brabhsálaí ar an fón.

Oifig Eolais sa Chrannóg

Tá oifig / pointe eolais turasóireachta ar fáil sa Chrannóg i rith an tsamhraidh ag an Chomharchumann i gcomhar le Cumann Trádála agus Turasóireachta Ghaoth Dobhair.

Buail isteach chugainn le breis eolais a fhál faoin cheantar álainn atá againn!

Tuilleadh eolais ó Marie, Angela nó Cathal ag 074 9532208 nó trí teagmháil a dhéanamh linn ar an suíomh idirlíon seo crannog.ie

Campaí Samhraidh 2012

Tá Campaí Samhraidh á reachtáil ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ó 2/7/2012 go dtí 24/8/2012.

Tá na Compaí Samhraidh sa Chrannóg dírithe ar páistí idir trí agus sé bhliain d’aois.

Tá campaí breise á reachtáil againn i bPobalscoil Ghaoth Dobhair dírithe ar páistí idir seacht agus ceithre mbliana déag d’aois.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Chomharchumann ar 074 9532208 , trí ríomhphost ag cfgd@eircom.net nó trí teagmháil a dhéanamh linn ar an suíomh idirlíon seo.

Tá na Campaí Samhraidh seo á chur ar fáil le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Leabhrán Eolais ar Ghaoth Dobhair

Tá an 3ú cló curtha anois ag an Chomharchumann ar an leabhrán eolais seo. Rinneadh í le bheith ann in am do Chomórtas Peile na Gaeltachta. Tháinig an chéad eagrán amach in am do Oireachtas na Gaeilge i nGaoth Dobhair i 2002.

Tá an leabhrán seo úsáideach do chuairteoirí agus don phobal féin.

Tá cóipeanna le fáil saor in aisce ó oifig an Chomharchumann sa Chrannóg ní trí teagmháil a dhéanamh linn ar crannog.ie

 

Turas Gaeltachta ón Droichead

Bhí muintir an Droichid as Béal Feirste anseo ar thuras don deireadh seachtaine 22-24 Meitheamh. Tuismitheoirí óga agus a bpáistí a bhí sa ghrúpa. Bhí oíche shóisialta acu faoi scáth an Chomharchumainn agus an Acadaimh sa Acadamh oíche Aoine áit ar bhuail siad le tuismitheoirí óga áitiúla agus a bpáistí ag ócáid shóisialta. Pobal láidir Gaeilge atá san Droichead i gceantar Bhóthar Ormeau, Béal Féirste agus tá príomh dhuais Ghlór na nGael buaite acú dhá uair, 2005 agus arís i 2009. Chuir ceoltóirí óga ón “Crann Óg” ceol ar fáil daofa. Ba í Fionnuala Nic Thom a bhí i mbun an ghrúpa.

  • Facebook