Scoil na Crannóige

Thug Cuisle ó Ealaín na Gaeltachta turas ar Scoil Cheoil an Earraigh agus grúpaí óga ó cheann ceann na tíre tugtha leo chun freastal ar imeactaí an fhéile. Idir seisiúntaí agus ceardlann. Bhí An Crann Óg mar pháirt don imeacht & seo físeán ó Molscéal.

Thig clárú & íoc ar líne ag an nasc seo do ranganna i Scoil na Crannóige,
https://cfgd.wufoo.com/forms/clara-t3-scoil-na-crannaige-6323/

Thig leis an lá/am athrú ag bráth ar éilimh.

Tá méid airithe uirlisí a thig fháil ar cíos, caithfear iarratas a dhéanamh ar uirlis ag an nasc seo

https://cfgd.wufoo.com/forms/iarratas-uirlis-ar-caos-a-scoil-na-crannaige-2022/

Múna bhfuil uirlis agat, déan cinnte go bhfuil ceann le fáil sula ndéan tú clárú do rang.

Do pháistí atá ag toiseacht uirlis ceoil is fearr toiseacht leis an fheadóg stáin.

Tá na ranganna grúpaí do daoine atá ábalta uirlis a sheinm, níl siad do thosaitheoirí.

Ní bheidh ranganna

Cáisc – Aoine 31ú Márta 2023 – Luan 17ú Aibreán 2023.

Tuilleadh eolais ó scoilnacrannoige@gmail.com

________________________________________________________________

Classes in An Chrannóg . Register & pay online at this link

https://cfgd.wufoo.com/forms/clara-t3-scoil-na-crannaige-6323/

If you would like to apply for a rental of an instrument, please complete this form.

https://cfgd.wufoo.com/forms/iarratas-uirlis-ar-caos-a-scoil-na-crannaige-2022/

If you don’t have an instrument, make sure one is available before you register for a class.

If just starting a musical instrument it is best to start with the tin whistle.

The group classes are for people who can play an instrument, it is not for beginners.

No classes

1- 17/4/23.

More information from scoilnacrannoige@gmail.com

Ócáid ceoil le Altan & An Crann Óg ar 29/5/2022 Corcreggan Mill, Dún Fionnachaidh.
An Crann Óg ag seinm ar chlár radio Ruaille Buaille le Colm Ferriter ar Highland Radio 31/8/22
Scoth an cheoil ó Niall Hackett & Ciarán Mac Fheidhlimidh , teagascóirí Scoil na Crannóige ar Barrscéalta Ar Rnag

https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/22142002/

Tá Scoil na Crannóige in sa Chrannóg i nGaoth Dobhair.

Tá Scoil na Crannóige ag cuir ranganna ar fáil achan tseachtain sa Chrannóg ag teagasc fidil, feadóg stáin, píoba, giotár, bosca ceoil, consairtín, maindilín, bainseó, cláirseach, drumaí, amhránaíocht, scéalaíocht, drámaíocht, Cór óg agus Cór daoine fásta.

An Crann Óg ag Seoladh Seachtain na Gaeilge 2022 san Amharclann

28/2/22 An Crann Óg ag seinm ag oscailt oifigiúil Seachtain na Gaeilge in Amharclann Ghaoth Dobhair
28/2/22 An Crann Óg ag seinm ag oscailt oifigiúil Seachtain na Gaeilge Amharclann
Cuairt na nGeal An Crann Óg san Amharclann 2022
Cuairt na nGeal Ceardlann sa Chrannóg le Joy, Seumaidh & Brian 2022
Soilse na Nollag a cheol ag ‘An Crann Óg’ i Seomra na Nollag sa Chrannóg 2021
Buíochas le Mairéad Ní Mhaonaigh & Caitlín Uí Dhuibhir
Oíche cheoil & drámaíocht le Scoláirí Scoil na Crannóige
Dé hAoine 17ú Nollaig 2021 in Amharclann Ghaoth Dobhair. Seo na Cláirsí as rang Kayla Reed sa Chrannóg ag seinm amhráin Nollag cóirí ag Kayla.
Oíche cheoil & drámaíocht le Scoláirí Scoil na Crannóige
Dé hAoine 17ú Nollaig 2021 in Amharclann Ghaoth Dobhair
Seo damhsóirí as rang Chaitlín Nic Gabhann a thoisigh ranganna damhsa cúpla seachtain ó shin sa

Mar chuid de Chuisle, tá Ealaín na Gaeltachta i mbun ceardlanna agus imeachtaí sna healaíona dúchasacha a reáchtáil agus a mhaoiniú do dhaoine óga ar fud na Gaeltachta. Tá Cuisle maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
https://www.facebook.com/an.crannog.7
Oíche Chultúir Aoine 17/9/21 ag 8in. Oíche Shiamsaíochta curtha i lathair ag “Glór na Gaeltachta” i gcomhair le Scoil na Crannóige agus Amharclann Ghaoth Dobhair.

Scoil Cheoil na Crannóige

Tá dalta ag teacht chuig ranganna achan tseachtain sa Chrannóg ag foghlam fideal, feadóg stáin, píoba, giotár, bosca ceoil (cnaipí agus piano), consairtín, maindilín, bainseó, drumaí, amhránaíocht, cór, scéalaíocht agus drámaíocht.

Gráid

https://lcme.uwl.ac.uk/exams/traditional-music/irish-traditional-music

Tá rang speisialta ar fáil de scoláirí atá ag déanamh réidh le scrúdú gráid a dhéanamh i gceol traidisiúnta agus bíonn cáilíocht aitheanta acu ag a dheireadh.

Banna Ceoil Máirseáil

Ag leanúint leis an traidisiún banna máirseáil sa cheantar, bíonn na páistí ón Scoil Cheoil ag seinm i mbanna ceoil máirseáil Lá Fhéil Padraig agus Domhnach Casca.

Cuidíonn Banna Máirseála le saol sóisialta, cultúrtha, oidhreachta na ndaoine óga atá páirteach sa bhanna chomh maith le dul chun sochair do phobail áitiúla.

John Lennon Bus

https://youtu.be/ckjZxD40JpQ

Fís le feiceáil anseo leis ‘An Crann Óg’, taifead lá amháin 6/8/’15.

Tuilleadh eolais faoin grúpa ceoil ‘An Crann Óg’ –

https://www.facebook.com/profile.php?id=100010587045024

  • Facebook