Ba í an Phlandáil Ultach (1609) a chuir cor i gcinniúint na paróiste. Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill. Nuair a shroich cuid acu Gaoth Dobhair, ní fhéadfadh siad a dhul níos faide siar. Ba i dtrátha an ama seo fosta a thosaigh Sasanaigh agus Albanaigh a chur fúthu anseo nuair a roinneadh an “unchartered territory” seo ina bharúntachtaí.
Is cosúil gur beag cónaí a bhí sa pharóiste roimh an 17ú céad. Na chéad daoine a tháinig, chónaigh siad ar na hoileáin nó cois cladaigh sna “cloigíní”, dornán beag tithe déanta i gcuideachta agus ar fhoscadh a chéile.
Go dtí tús an 19ú céad, ní raibh daonra mór sa pharóiste agus is cosúil go raibh cumann maith idir na daoine agus úinéirí na talún.
Ba le teacht na dtiarnaí talún úra sa 19ú céad, go háirithe Lord George Hill (1801-1879) agus a mhac Arthur, a chuaigh saol na ndaoine sa pharóiste chun donais. Thug pobal na paróiste, faoi stiúir an Athar Séamas Mac Pháidín (sagart paróiste 1875-1901), dúshlán na dtiarnaí talún le bunú Chonradh na Talún agus leis an Plan of Campaign. Ba é marú an Mháirtínigh (District Inspector William Martin) taobh amuigh de Theach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga ar an Domhnach, 3 Feabhra 1889 buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair.