Gidh gur beag am a bhí ag an Athair Mac Pháidín don cheol dúchasach ag deireadh an naoú céad déag, bhain An Píobaire Mór, Tarlach Mac Suibhne, clú agus cáil amach sa bhaile agus i gcéin. Réitigh Síle Mhicí Uí Ghallchóir, Annie agus Cití Eoghain Éamoinn Ní Ghallchóir agus go leor eile an bealach do cheoltóirí móra an lae inniu a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte acu: Enya, Máire Ní Bhraonáin agus Clannad, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Altan, Na Caisidigh, Maria Nic Cumhaill, Doiminic Mac Giolla Bhríde, Ciarán Ó Maonaigh, Nóilín Ní Cholla, Máire Ní Choilm, Aoife Ní Fhearraigh, Cathal Ó Curráin agus Emma Ní Fhíoruisce.
An bhfuil paróiste eile sa tír (nó sa domhan!) as a dtáinig amhránaithe chomh binn agus chomh cumasach? Tá rath agus bláth ar an cheol i measc aos óg na paróiste, go háirithe i Scoil Cheoil na Crannóige. Tá an Crann Óg ag dul ó neart go neart.
Tá iomrá leitheadach ar Theach Hiúdaí Beag agus ar Thabhairne Leo don cheol traidisiúnta agus ar Theach Jack don damhsa céilí (achan oíche Mháirt i rith na bliana!!).