An Ghaeilge

Is é Gaoth Dobhair croílár Ghaeltacht Thír Chonaill, ceann de phríomhcheantair Ghaeltachta na tíre. Labhartar Ghaeilge go forleathan in achan chuid den pharóiste. Tagann suas le 2,000 déagóir ó na ceithre hairde ag triall go “Gaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair” achan samhradh le freastal ar chursaí eagsúla. Tagann cúpla céad duine fásta ó achan chearn den tír agus den domhan chuig cúrsaí na Crannóige, agus chuig cúrsaí Gael-Linn agus Choláiste an Phiarsaigh i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.

Is trí mheán na gaeilge atá an teagasc ar fad i mbunscoltacha na paróiste agus sa Phobalscoil. Tá na cúrsaí ar fad san ionad ollscoile atá bunaithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,  Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, trí mhéan na Gaeilge chomh maith.

Is i nGaoth Dobhair atá cuid mhór d’oifigí réigiúnacha agus náisiúnta eagraisí éagsúla lonnaithe – Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Forás na Gaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus araile.

Is i nGaeilge a léitear na hAifrinn uilig i séipéal Chaitliceacha na paróiste.

Mar sin féin tá go leor de bhunadh an cheantair nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, nó nach bhfuil sí acu ar chor ar bith. Mheall an fhorbairt thionsclaíoch cuid mhór Béarlóirí chun an cheantair. D’fhill cuid mhór de bhunadh na háite chun an bhaile le clann a thógáil ar fhód a ndúcháis agus go minic is Béarla ar fad, beagnach, atá gnó na mbancanna sa pharóiste ach amháin sa Chomhar Creidmheasa.

Tá na hinstitiúidí stáit ag brú Béarla de shíor ar phobal na Gaeltachta, mar shampla, Bórd Sláinte an Iar-Thuaiscirt, An Comhairle Contae, An Roinn Dlí agus Cirt, agus a macasamhail. Tá muid ag dul i dtreo an dátheangachais de réir a chéile. Tá seo le feiceáil i measc aosa óig an phobail. Gidh gur í an Ghaeilge an ghnáth-theanga teallaigh i mórchuid na dteaghlach sa pharóiste, is i mBéarla ar fad beagnach a dhéanann an t-aos óg cumarsáid le chéile. Ní dóigh le déagóirí na Gaeltachta inniu go bhfuil an Ghaeilge cool go leor. Dar ndócha, níl an saibhreas ná an cruinneas ina gcuid Gaeilge nuair a labhrann siad í.

Tá cúntóirí teanga fostaithe anois i mbunscoltacha na paróiste agus is ábhar dóchais é seo. Agus pilleann cuid mhaith den aos óg ar a dteanga dhúchais nuair a osclaíonn an saol agus an t-oideacahs tríú leibhéal a gcuid súl daofa.

  • Facebook