Gaoth Dobhair

An tAinm

Ní raibh Gaoth Dobhair ann mar ainm dúiche ná paróiste ar dtús, ach mar ainm ar an ghaoth / abhainn ónar baisteadh an ceantar, an cainéal nó an t-inbhear farraige idir an pharóiste agus na Rosa, ar an dtugtar an Gaoth go dtí an lá inniú, agus an abhainn. Abhainn Croithlí, a shileas anuas ó Loch an Iúir. Focal Sean-Ghaeilge ar uisce atá in dobhair agus bhí eolas fada fairsing sna meánaoiseanna ar an ainm Dobhar mar abhainn thábhachtach a bhí mar chrích idir Tír Luighdeach agus Tír Bháineach, Abhainn Chroithlí an lae inniu.

Na hOileáin

Is fada daoine ina gcónaí ar na hoileáin ar chósta na paróiste. De réir an daonáirimh in 1841, bhí 84 ina gcónaí orthu – 68 i nGabhla, 12 ar Inis Meáin, 4 ar Inis Sionnaigh agus gan duine ná deoraí ar Inis Oirthir. In 1851, bhí 266 agus in 1861, 248 duine. Claonadh iontach neamhghnách a bhí sa mhéadú ollmhór seo sna blianta le minn agus i ndiadh an Ghorta Mhóir. Is amhlaidh a tharraing cuid mhór teaghlach ar na hoiléain in am an anáis.

Lean an daonra ag méadú. Bhí 169 ar Ghabhla i 1911 agus cé nach bhfuil figiúirí cruinne ar fáil, is cosúil go raibh thar 200 ar an oileán i lár na bhfichidí. Bhí 75 paiste ar bhunscoil dhá oide an oileáin i 1924, an tinreamh ab airde riamh.

Ach ó 1948 ar aghaidh, thosaigh na teaghlaigh a fhágáil Ghabhla agus na h-oileán eile le cur fúthu ar tír mór. Druideadh an scoil i 1966. I 1967, ní raibh ach ceithre theaghlach fágtha.

I 1968, bhí an t-oileán bánaithe. Ba iad na deiseanna úra oideachas agus fostaíochta ar tír mór le cois an tsaoil a bhí crua, agus in amanna tragóideach a bhí istigh acu a thug orthu a gcuid seolta a thógail.

Tionscalaíocht

Ba é bunú Estát Tionscalíochta an Screabáin i lár na seascaidí an cinneadh eacnamaíochta agus sóisialta ba thábhachtaí a rinneadh i stair Ghaoth Dobhair. Is ag smaoineamh ar an dhóigh chuí le chimhneachán a dhéamah ar Éirí Amach 1916 a bhí na fir ghnó a cheannaigh 200 acra caoráin agus a dhíol le Gaeltarra Éireann é i 1967. Thug an Screabán rathúnas chun na háite, chomh maith le maolú a chur ar an imirce agus teaghlaidh go leor a thabhairt chun an bhaile ón Bhreatain.

Bhí thar 1,000 duine fostaithe i monarchana na paróiste le scór bliain, agus na céadta eile ag gnóthú go hindíreach. Le cúpla bliain anuas tá an bhróg ag teannadh ar na comhlachtaí seo, agus b’éigean daofa oibrithe a ligint chun bealaigh nó iad a chur ar uaireanta laghdaithe.

  • Facebook