Cór Thaobh a’ Leithid
Bhunaigh Doimnic Mac Giolla Bhríde Cór Thaobh a’ Leithid i 2003 agus d’eisigh siad CD in 2007. Ghlac siad páirt in go leor ceolchoirmeacha fríd na mblianta i nÉirinn, sa Bhreatain Bheag agus in sa Bhriotáin. Ba é buaic-phointe s’acu nuair a cheol siad in sa Halla Náisiúnta, Lá ‘l Pádraig 2009. Tá cuid mhaith do na ceoltóirí ar chuid de na ceoltóirí is fearr sa tír agus go leor comórtais Oireachtais bainte ag go leor acu. Tá 5 CD aonarach curtha amach ag 5 bhall chomh maith le 5 CD eisithe ag Doimnic Mac Giolla Bhríde. http://doimnic.com/
Glórthaí Uladh
Bhearrann Doimnic Mac Giolla Bhríde le chéile trí chór a bhfuil sé ina stiúrthóir orthu – Cór Thaobh a’ Leithid (Gaoth Dobhair), Cór Uí Chanáin (Doire) agus Cór Loch Lao (Béal Feirste). Ceolann siad rogha d’amhráin fonnmhara Chúige Uladh. https://www.facebook.com/glorthaiuladh/

