Category: Srair agus Seanachas

Oíche Airneáil sa Chrannóg achan Chéadaoin

Beidh Oíche Airneáil agus Seisiún Ceoil achan Chéadaoin sa Chrannóg ag toiseacht 28 Meitheamh agus ag reáchtáil i rith an tSamhraidh.

Beidh ceoltóirí as Scoil Cheoil na Crannóige ag seinm uirlisí agus ag ceol amhráin agus thiocfadh le steip damhsa a bheith ann. Tosóidh an chraic ag 8.30.i.n. agus tá  táille beag €3 le costas cupa tae a chlúdach. Níl táille ar bith ar pháistí nó ar cheoltóirí.

Oíche Airneáil & Seisiún Ceoil

Looking for midweek music and craic? Head to the Chrannóg!

Oíche Airneáil & Seisiún Ceoil

Achan Chéadaoin ó 28/6/17

8.30.i.n. – 10.00.i.n.

Táille €3 & cupa tae le fail.

Páistí – saor in aisce

Fáilte roimh cheoltóirí & an pobal uilig.

Campaí Samhraidh na Crannóige

Ag toiseacht ar an 26 Meitheamh, tá dhá champa ann

  • 7-18 mbliana i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, An Luinnigh
  • 3-6 mbliana sa Chrannóg, Srath na Corcra

10.00 – 3.00 Luain go Aoine, táille (1) €30 2(€50) 3(€65) 4(€75)

Imeachtaí a bheas ar siúl nó: Ceoil Uirlise, Spóirt, Ealíon, Damhsa, Drámaíocht, Amhránaíocht, Puipéadóireacht, Cócaireacht.

Tá na campaí á reachtáil ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

le tacaíocht ó “Muintearas”.

 

 

Lá Cholmcille

Beidh Aifreann sa Chrannóg Dé hAoine 9ú Meitheamh le Lá Cholmcille a cheiliúradh ag an 1.00.i.n. Fáilte roimhaibh uilig

Lón san Amharclann

Foireann na Crannóige amuigh fa choinne lón san Amharclann!

 

Maidin Caife

Campaí Samhraidh 2017

Maidin Chaife

SKMBT_C284e16051015120_0001

Post Saoire Maithreachas

Rúnaí Oifige.

Post Páirt Aimseartha (2 Lá sa tSeachtain)

Sealadach (Saoire Máithreachas)

 

Dualgaisí:

  • Fáiltiú
  • Freagairt gutháin
  • Ag plé leis, agus ag tabhairt seirbhís don phobal
  • Leabharchoimeád/Cuntais
  • Uasdhátú ar shuíomh idirlíon an Chomharchumainn.
  • Tacaíocht don Bhainisteoir
  • Dualgais eile de réir mar a éiríonn siad.

 

Cáilíochtaí.

 

Riachtanach:

  • Líofacht iomlán i nGaeilge.
  • Ard chaighdeán i scríobh na Gaeilge.
  • Ard scileanna & taithí le pacáistí ríomhairí (Word, Excel, Publisher srl.)
  • Taithí bheith ag plé leis an bpobal tri Ghaeilge.
  • Cumas oibriú as a stuaim féin

Inmhianach:

  • Taithí le pacáiste cuntasaíocht Sage
  • Scileanna margaíochta/poiblíochta.

 

 

Conradh 6 Mhí a bhéas i gceist , ag tosach deireadh mhí Mheitheamh .

Seol iarratas, le CV chuig An Bainisteoir, ag an seoladh thuas, nó ar r-phost chuig cfgd@eircom.net.  Spriocdháta 25ú Bealtaine.

 

 

Imeachtaí na Cásca

SKMBT_C284e16032116170_0001

  • Facebook