Category: Pobal

Saor sheirbhís dlí

Saor sheirbhís dlí ar an Satharn 29ú Meán Fómhair ag 2.00 sa Chrannóg

Cumann Staire & Seandálaíochta

Thua-mhumhan a thug cuairt ar an Chrannóg an seachtain seo caite áit a dtug Tony Mc Hugh cuir i láthair agus turas don cheantar daofa.

Siopa Naomh Uinseann de Pól

Tá muid ag cuardach comhadchaibinéad (Filing Cabinet) le eochracha agus folúsghlantóir (vacum cleaner) in ord mhaith.  Thig iad a fhágáil sa tsiopa nó scairt a chuir ar 085 2293015. 

Fóram Pobail Ghaeltacht Dhún na nGall: ‘Lá Eolais Pobail’

Deardaoin,20/9/12 sa Chrannóg, Doirí Beaga ón 11.00-3.00i.n. Eolas ar fail ar chúrsaí airgid, dlí, an athrú digiteach agus ar ábhair eile Beidh Fáilte roimhe gach duine -sólaistí ar fáil. Eolas ó: 087 4134244 / 08607979336 / 0872203947

Cruinniú Coiste Club Óige Chnoc Fola

Beidh cruinniú ag coiste Club Óige Chnoc Fola ar an Mháirt 18 Meán Fómhair ag 7.00 .i.n. agus clarú an chlub ina dhiadh sin ón 8.00 – 8.30 i.n.

Ranganna ceoil agus scéalaíochta do pháistí os cionn 6bl

Dé Luain:

Giotár, Tosaitheoirí  6.00 – 7.00 in.

Dé Máirt:

Accordion (Piano & Cnaipí)  6.00 – 7.00 in.

Fidil 7.00 – 8.00

Dé Céadaoin:

Concertina  6.00 – 7.00 in.

Mandolin  7.00 – 8.00 in.

Déardaoin:

Feadóg  6.00 – 7.00 in.

Costas €30 ar 5 Seachtain

Ranganna Scéalaíochta do pháistí.

Faoi 11 bl agus 11 bl go 15 bl.

Toiseacht Dé hAoine 14/9/12 ag 4.30 in. Costas €10 ar 5 Seachtain

Tuilleadh eolas ó 9532208 nó ríomhphoist: cfgd@eircim.net

 

 

IMEACHTAÍ / RANGANNA SA CHRANNÓG DO DHAOINE FÁSTA

EALAÍON DO THOSAITHEOIRÍ

Gach Dé Máirt  8.00 – 10.00 in. Toiseacht 2/10/12

Ar feadh 8 Seachtain – Costas €40

EALAÍON ARDLEIBHÉAL (Advanced)

Gach Dé Céadaoin  8.00-10.00 in.Toiseacht 3/10/12

Ar feadh 8 Seachtain – Costas €40

GAEILGE TEG (A1 & A2)

Gach Dé Céadaoin 8.00 – 9.30 in. Toiseacht 03/10/12

Ar feadh 10 Seachtain – Costas €30

COMHRÁ GAEILGE (Conversational Irish)

Gach Déardaoin  8.00 – 9.30 in. Toiseacht 04/10/12

Ar feadh 8 Seachtain – Costas €30

DAMHSA CÉILÍ

Gach Déardaoin  8.00 – 10.00 in. Toiseacht 19/10/12

Ar feadh 8 Seachtain – Costas €40

CLUB 50

Gach Déardaoin ón 2.00 – 4.00 in. Fáilte roimh bhaill úra.

Tuilleadh eolas ó 9532208 nó ríomhphoist:cfgd@eircim.net

Glanadh suas i nGaoth Dobhair

Mar pháirt de feachtas le feabhas a chur ar chuma Ghaoth Dobhair, rinne roinnt scéimeanna fostaíocht pobal an cheantar na bealaí cosáin agus taobh an bhealach a ghlanadh suas le mí anuas.

Loinneog Lúnasa 2012 ag teacht go luath

Beidh ceann de mór féilte ceoil Ghaoth Dobhair ag tarlú idir 10-12 Lúnasa, Loinneog Lúnasa. Féile Cheoil agus Chultúr mór le rá atá ann agus tagann daoine as chuile cheantar sa tír le freastal ar. Is cinnte go mbeidh slua mór ann i bliana leis an ceol agus an cultúr ghaelach a bhlaiseadh.

I measc na h-imeachtaí a bheas ar siúil beidh Damhsaí Céilí agus Seit do aon duine aclaí gur mhaith leo na brógaí damhsa a thabhairt amach. Má tá fonn ort rud éigin níos suaimhní a dhéanamh beidh Siúlóid Dúlra ann ag taispeaint na gnéithe is áille de ceantar Ghaoth Dobhair. Má tá spéis agat beagánín foghlaim a dhéanamh beidh Ceardlanna Ceoil, Damhsa agus Filíochta ar bun chomh maith. Gheobhaidh muintir na h-áite agus cuairteóirí deis roinnt siopadóireacht a dhéanamh ag an Margadh Bia agus Ceardaíochta. Má tá spéis agat sa seoltóireacht ná chaill an Taispeántas Curach ar a bheas slua mór i láthair.

I measc na buaicphointí thar na deireadh seachtaine beidh Altan ag ceol san Ionad Cois Locha, Dún Lúiche ar an Aoine 10 Lúnasa, Steve Cooney ar an Satharn 11 Lúnasa san áit céanna agus ar an Domhnach 12 Lúnasa beidh An Crann Óg ag bualadh ceol i dTeach Leo, Mín na Leice.

I measc na ceardlainne a bheas ar siúil beidh Hip-hop agus damhsa ar an tsean-nós le Tura Arutura sa Chrannóg ar an 11 Lúnasa. Beidh ceardlann Giotár agus Píobaí Uilleann sa Chrannóg ar an lá céanna, 11 Lúnasa. Beidh Damhsaí Seit ar siúil i dTeach Jack thar na deireadh seachtaine ar fad.

Le breis eolas a fháil is féidir imeacht chuig www.loinneoglunasa.com nó teagmháil a dhéanamh linn sa Chrannóg. Is féidir an leathanach Facebook a leanúint anseo chomh maith.

Tá Loinneog Lúnasa ag fáil tacaíocht ó Tionscnamh Lugh, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Oifig Eolais sa Chrannóg

Tá oifig / pointe eolais turasóireachta ar fáil sa Chrannóg i rith an tsamhraidh ag an Chomharchumann i gcomhar le Cumann Trádála agus Turasóireachta Ghaoth Dobhair.

Buail isteach chugainn le breis eolais a fhál faoin cheantar álainn atá againn!

Tuilleadh eolais ó Marie, Angela nó Cathal ag 074 9532208 nó trí teagmháil a dhéanamh linn ar an suíomh idirlíon seo crannog.ie

  • Facebook