Category: Gaeilge

Lá Oscailte sa Chrannóg

11.00 r.n. – 5.00i.n. – Lá Oscailte sa Seomra Stáire agus Seanchais

5.00i.n. – 6.30i.n. – Seisiún Scéalaíochta i nGaeilge do Pháistí

Eolas : Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, 074 95 32208, http://crannog.ie/

Lá Eolais Pobail

Fóram Pobail Ghaeltacht Thír Chonaill

i gcomhar

le Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall

 

Lá Eolais Pobail

Sábhaltacht tine sa bhaile/ Fire Safety in the home

An t-athrú Digiteach/Digital Switchover

Mabs- Cúrsaí Airgid/ Managing your money

Cúrsaí Dlí/ Legal Issues

Citizen Advice office

Dáta:  Déardaoin, 20ú Meán Fómhair 2012

Ionad: An Chrannóg, Na Doiri Beaga

Am:  11.00r.n. go 3.00 i.n.

 Tuilleadh Eolais:

087 4134244

086 7979336

086 2203947

Beidh soláistí ar fáil.  Buail isteach.  Beidh fáilte romhat.

Mar pháirt de Lá Cultúrtha

Mar pháirt de Lá Cultúrtha

“Lá Foscailte sa tSeomra Staire” buail isteach agus caith seal.  Taispeántas den Físeán/DVD ”Anás go Anró” ag an 3.00

Saor sheirbhís dlí

Saor sheirbhís dlí ar an Satharn 29ú Meán Fómhair ag 2.00 sa Chrannóg

Cumann Staire & Seandálaíochta

Thua-mhumhan a thug cuairt ar an Chrannóg an seachtain seo caite áit a dtug Tony Mc Hugh cuir i láthair agus turas don cheantar daofa.

Cruinniú Coiste Club Óige Chnoc Fola

Beidh cruinniú ag coiste Club Óige Chnoc Fola ar an Mháirt 18 Meán Fómhair ag 7.00 .i.n. agus clarú an chlub ina dhiadh sin ón 8.00 – 8.30 i.n.

Ranganna ceoil agus scéalaíochta do pháistí os cionn 6bl

Dé Luain:

Giotár, Tosaitheoirí  6.00 – 7.00 in.

Dé Máirt:

Accordion (Piano & Cnaipí)  6.00 – 7.00 in.

Fidil 7.00 – 8.00

Dé Céadaoin:

Concertina  6.00 – 7.00 in.

Mandolin  7.00 – 8.00 in.

Déardaoin:

Feadóg  6.00 – 7.00 in.

Costas €30 ar 5 Seachtain

Ranganna Scéalaíochta do pháistí.

Faoi 11 bl agus 11 bl go 15 bl.

Toiseacht Dé hAoine 14/9/12 ag 4.30 in. Costas €10 ar 5 Seachtain

Tuilleadh eolas ó 9532208 nó ríomhphoist: cfgd@eircim.net

 

 

IMEACHTAÍ / RANGANNA SA CHRANNÓG DO DHAOINE FÁSTA

EALAÍON DO THOSAITHEOIRÍ

Gach Dé Máirt  8.00 – 10.00 in. Toiseacht 2/10/12

Ar feadh 8 Seachtain – Costas €40

EALAÍON ARDLEIBHÉAL (Advanced)

Gach Dé Céadaoin  8.00-10.00 in.Toiseacht 3/10/12

Ar feadh 8 Seachtain – Costas €40

GAEILGE TEG (A1 & A2)

Gach Dé Céadaoin 8.00 – 9.30 in. Toiseacht 03/10/12

Ar feadh 10 Seachtain – Costas €30

COMHRÁ GAEILGE (Conversational Irish)

Gach Déardaoin  8.00 – 9.30 in. Toiseacht 04/10/12

Ar feadh 8 Seachtain – Costas €30

DAMHSA CÉILÍ

Gach Déardaoin  8.00 – 10.00 in. Toiseacht 19/10/12

Ar feadh 8 Seachtain – Costas €40

CLUB 50

Gach Déardaoin ón 2.00 – 4.00 in. Fáilte roimh bhaill úra.

Tuilleadh eolas ó 9532208 nó ríomhphoist:cfgd@eircim.net

Loinneog Lúnasa 2012 ag teacht go luath

Beidh ceann de mór féilte ceoil Ghaoth Dobhair ag tarlú idir 10-12 Lúnasa, Loinneog Lúnasa. Féile Cheoil agus Chultúr mór le rá atá ann agus tagann daoine as chuile cheantar sa tír le freastal ar. Is cinnte go mbeidh slua mór ann i bliana leis an ceol agus an cultúr ghaelach a bhlaiseadh.

I measc na h-imeachtaí a bheas ar siúil beidh Damhsaí Céilí agus Seit do aon duine aclaí gur mhaith leo na brógaí damhsa a thabhairt amach. Má tá fonn ort rud éigin níos suaimhní a dhéanamh beidh Siúlóid Dúlra ann ag taispeaint na gnéithe is áille de ceantar Ghaoth Dobhair. Má tá spéis agat beagánín foghlaim a dhéanamh beidh Ceardlanna Ceoil, Damhsa agus Filíochta ar bun chomh maith. Gheobhaidh muintir na h-áite agus cuairteóirí deis roinnt siopadóireacht a dhéanamh ag an Margadh Bia agus Ceardaíochta. Má tá spéis agat sa seoltóireacht ná chaill an Taispeántas Curach ar a bheas slua mór i láthair.

I measc na buaicphointí thar na deireadh seachtaine beidh Altan ag ceol san Ionad Cois Locha, Dún Lúiche ar an Aoine 10 Lúnasa, Steve Cooney ar an Satharn 11 Lúnasa san áit céanna agus ar an Domhnach 12 Lúnasa beidh An Crann Óg ag bualadh ceol i dTeach Leo, Mín na Leice.

I measc na ceardlainne a bheas ar siúil beidh Hip-hop agus damhsa ar an tsean-nós le Tura Arutura sa Chrannóg ar an 11 Lúnasa. Beidh ceardlann Giotár agus Píobaí Uilleann sa Chrannóg ar an lá céanna, 11 Lúnasa. Beidh Damhsaí Seit ar siúil i dTeach Jack thar na deireadh seachtaine ar fad.

Le breis eolas a fháil is féidir imeacht chuig www.loinneoglunasa.com nó teagmháil a dhéanamh linn sa Chrannóg. Is féidir an leathanach Facebook a leanúint anseo chomh maith.

Tá Loinneog Lúnasa ag fáil tacaíocht ó Tionscnamh Lugh, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

CFGD ar an fón cliste anois!

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil crannog.ie ar fáil ar chuile mórbhranda de fón cliste anois. Tá an leagan seo den suíomh deartha go spéisialta don scaileán tadhaill beag. Oibrionn an suíomh móibíleach ar iPhone, Android, Blackberry, HP agus Windows Mobile (Nokia).

Anois is féidir fanacht suas chun dáta leis na scéalta is déanaí ó Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair is cuma cá bhfuil tú. Gheobhaidh tú na scéalta nuachta is déanaí a luaithe is atá siad ar fáil.

Chomh maith le seo rinne muid cinnte go bhfuil na gnéithe sóisialta céanna ar fáil. Is féidir na scéalta nuachta a roinnt ar do chuid cairde ar Facebook, Google+ nó Twitter trí an cnaipe cuí a roghnú ar barr na scéala. Ní amháin sin ach is féidir clárú don sruth RSS ar an fón cliste.

Is féidir an suíomh móibíleach seo a thriail trí an cód VR sa phictiúr a scanáil leis an fón cliste nó trí crannog.ie a iontráil sa brabhsálaí ar an fón.

  • Facebook