Category: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

Oíche Airneáil & Seisiún Ceoil

Looking for midweek music and craic? Head to the Chrannóg!

Oíche Airneáil & Seisiún Ceoil

Achan Chéadaoin ó 28/6/17

8.30.i.n. – 10.00.i.n.

Táille €3 & cupa tae le fail.

Páistí – saor in aisce

Fáilte roimh cheoltóirí & an pobal uilig.

Campaí Samhraidh na Crannóige

Ag toiseacht ar an 26 Meitheamh, tá dhá champa ann

  • 7-18 mbliana i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, An Luinnigh
  • 3-6 mbliana sa Chrannóg, Srath na Corcra

10.00 – 3.00 Luain go Aoine, táille (1) €30 2(€50) 3(€65) 4(€75)

Imeachtaí a bheas ar siúl nó: Ceoil Uirlise, Spóirt, Ealíon, Damhsa, Drámaíocht, Amhránaíocht, Puipéadóireacht, Cócaireacht.

Tá na campaí á reachtáil ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

le tacaíocht ó “Muintearas”.

 

 

Lá Cholmcille

Beidh Aifreann sa Chrannóg Dé hAoine 9ú Meitheamh le Lá Cholmcille a cheiliúradh ag an 1.00.i.n. Fáilte roimhaibh uilig

Boscaí Bláthanna

Foireann na Crannóige gnóthach ag déanadh suas boscaí bláthanna mar pháirt do Baile Slachtmhar Ghaoth Dobhair. Maith sibh!

 

Campaí Samhraidh 2017

Gabhla agus an tAsgard

Tá Aisteoirí Óga na Crannóige ar an bhealach go Baile Átha Cliath inniú ag Bronnadh Féile Scoil Drámaíochta na hÉireann, áit a dhéanfar bronnadh orthu as Scoth Léiriú na Féile a bhua don dráma “Gabhla agus an tAsgard”.

Ár mbuíochas do na aisteoirí a rinne jab ar dóigh agus atá ag dul ó neart go neart,  ar mbuíochas fosta do Eoghan Mac Giolla Bhíghde  a rinne léiriú ar an dráma agus do Suzanne Uí Ghallchóir agus Áine Ní Bhreisleáin a scríobh an script.  Maith sibh uilig.

Bean na gCos

Beidh Bean na gCos anseo sa Chrannóg Dé hAoine an 26ú Bealtaine ón 10.00-4.00.Bean na gCos

Maidin Chaife

SKMBT_C284e16051015120_0001

Post Saoire Maithreachas

Rúnaí Oifige.

Post Páirt Aimseartha (2 Lá sa tSeachtain)

Sealadach (Saoire Máithreachas)

 

Dualgaisí:

  • Fáiltiú
  • Freagairt gutháin
  • Ag plé leis, agus ag tabhairt seirbhís don phobal
  • Leabharchoimeád/Cuntais
  • Uasdhátú ar shuíomh idirlíon an Chomharchumainn.
  • Tacaíocht don Bhainisteoir
  • Dualgais eile de réir mar a éiríonn siad.

 

Cáilíochtaí.

 

Riachtanach:

  • Líofacht iomlán i nGaeilge.
  • Ard chaighdeán i scríobh na Gaeilge.
  • Ard scileanna & taithí le pacáistí ríomhairí (Word, Excel, Publisher srl.)
  • Taithí bheith ag plé leis an bpobal tri Ghaeilge.
  • Cumas oibriú as a stuaim féin

Inmhianach:

  • Taithí le pacáiste cuntasaíocht Sage
  • Scileanna margaíochta/poiblíochta.

 

 

Conradh 6 Mhí a bhéas i gceist , ag tosach deireadh mhí Mheitheamh .

Seol iarratas, le CV chuig An Bainisteoir, ag an seoladh thuas, nó ar r-phost chuig cfgd@eircom.net.  Spriocdháta 25ú Bealtaine.

 

 

Imeachtaí na Cásca

SKMBT_C284e16032116170_0001

  • Facebook