Beidh Lá Foscailte sa Chrannóg Déardaoin 29ú Meitheamh ón 2.00 – 6.00, le deis a thabhairt don phobal theacht isteach agus eolas a fháil ar na gníomhaíochtaí atá ag dul ar aghaidh anseo sa Chomharchumann/Chrannóg.
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair -i gcroílár an pharóiste
Beidh Oíche Airneáil agus Seisiún Ceoil achan Chéadaoin sa Chrannóg ag toiseacht 28 Meitheamh agus ag reáchtáil i rith an tSamhraidh.
Beidh ceoltóirí as Scoil Cheoil na Crannóige ag seinm uirlisí agus ag ceol amhráin agus thiocfadh le steip damhsa a bheith ann. Tosóidh an chraic ag 8.30.i.n. agus tá táille beag €3 le costas cupa tae a chlúdach. Níl táille ar bith ar pháistí nó ar cheoltóirí.
Beidh Guido Fanzini’s Impossible Circus sa Chrannóg ar 19ú Iúil ag 1 mar chuid de Fhéile Ealaíne an Earagail. Earagail Arts Festival €5 isteach.
http://www.eaf.ie/…/guido-fanzinis-impossible-circus-gweed…/
Guido Fanzini’s Impossible Circus
Maidí pógó? Tá siad ann. Plota faoin tsolas a sciobadh ó do dheartháir? Tá sé ann. Tá éirithe le Guido Fanzini sa deireadh céim síos, go sclábhaí sorcais, a thabhairt dá dheartháir Ronaldo sa dóigh is go dtig leis féin a bheith mar réalta i Sorcas Dodhéanta Guido Fanzini. Ach níl Ronaldo chun géilleadh gan troid! Scéal fíorghreannmhar faoi iomaíocht agus grá idir deartháireacha, agus faoi mhaidí pógó, ó mháistrí na siamsaíochta sráide agus an tsorcais ghrinn idirghníomhach.
http://www.eaf.ie/events/guido-fanzinis-impossible-circus-gweedore/
Oíche Airneáil & Seisiún Ceoil
Achan Chéadaoin ó 28/6/17
8.30.i.n. – 10.00.i.n.
Táille €3 & cupa tae le fail.
Páistí – saor in aisce
Fáilte roimh cheoltóirí & an pobal uilig.
Ag toiseacht ar an 26 Meitheamh, tá dhá champa ann
10.00 – 3.00 Luain go Aoine, táille (1) €30 2(€50) 3(€65) 4(€75)
Imeachtaí a bheas ar siúl nó: Ceoil Uirlise, Spóirt, Ealíon, Damhsa, Drámaíocht, Amhránaíocht, Puipéadóireacht, Cócaireacht.
Tá na campaí á reachtáil ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
le tacaíocht ó “Muintearas”.