An Solas Dearg i gCaisleán Uidhilín.


IMG_1511Chuir Aisteoirí Ghaoth Dobhair an léiriú den dráma An Solas Dearg ar an ardán i nDún Éigse i gCaisleáin Uidhilín, Có an Dún ar an Satharn seo caite an 17 Bealtaine. Bhí an dráma a léiriú mar pháirt de Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill a bhí a reachtail ag Glór Uachtar Tíre ata ag déanamh cuid mhór oibre ag cothú an Ghaeilge sa pháirt sin de chontae an Dúin. Chuir  bainisteoir Ghlór Uachtar Tíre Emer Ó Hagan agus an lucht eagruithe go léir fáilte mhór roimh na h-aisteoirí agus chuaigh an dráma síos go maith.Bhí córas aistriúchán comhuaineach ar fáil do té nach raibh a gcuid Gaeilge ar an chuid is láidre agus scoth obair déanta ar an aistriúchán ag Eoin Malcolm. Sa phictiúr tá foireann an drámaí ag glacadh cúpla deoch a bhí tuilte go mór acu i ndiaidh an léiriú agus ina gcuideachta tá Emer Ó Hagan ar dheis agus Tony, bainisteoir Dhún Éigse ar chlé. Tá muid ag súil go mór le pilleadh go Caisleán Uidhilín

Nótaí Tráchta

Nótaí Tráchta

  • Facebook