Ghlac thart fa 40 duine páirt ins an Lá Glantacháin, a bhí eagraithe ag Coiste Bhaile Slachtmhar Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus Ionad Naomh Pádraig, tharr an deireadh seachtaine. Tá muid iontach buíoch do achan duine a ghlac páirt, agus iarrtar ar an phobal uilig iarracht a dhéanamh “Gaoth Dobhair a choinneáil glan!”