Baile

Fáilte go Gaoth Dobhair…

Is ceantar an-éagsúil Gaoth Dobhair; leis na sléibhte agus na gleannta agus an mhacaire íseal cois farraige agus na hoileáin thiar a chosaint ó shíon na farraige móire. Tá Gaoth Dobhair ar cheann de na ceantracha tuaithe is dlúithe daonra ní amháin in Éirinn ach in iarthar na hEoraipe. Tá os cionn tríocha baile fearainn le cois ceithre oileán i nGaoth Dobhair. Tá breis agus 5,000 duine ina gcónaí i nGaoth Dobhair.

 

Mar chuid d’aidhmeanna Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair tá:

  • Iomhá Gaelach a thabhairt don pharóiste
  • Caomhnú agus cur chun cinn labhairt na Gaeilge, agus gach gné de chultúr agus d’oidhreacht na paróiste.
  • Cur chun cinn agus forbairt ar an saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúra sa pharóiste.
  • Caomhnú na timpeallachta ina ghné nádurtha chomh fada agus a réitíonn sin le húsáid agus le háitriú réasúnta daonna.
TG4 Comhrá 24/10/13 Máire Mhic Niallais as Gaoth Dobhair a bheidh ag comhrá le Máirtín an tseachtain seo. Tá an-bhaint ag Máire leis an Oireachtas agus bhí sí ina huachtarán air tráth. Tá suim an-mhór aici i bhforbairt pobal agus Gaeltachta.
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ar TG4
Molscéal 2002 Oireachtas na Gaeilge i nGaoth Dobhair
1996 Oireachtas Ghaoth Dobhair Molscéal
RTÉ Féile na Gaeltachta I nGaoth Dobhair 1970

https://www.facebook.com/an.crannog.7

  • Facebook